Sraith Pictiúr 4 (AT 2015)

Beschreibung

Karteikarten am Sraith Pictiúr 4 (AT 2015), erstellt von gavinrundle97 am 24/09/2014.
gavinrundle97
Karteikarten von gavinrundle97, aktualisiert more than 1 year ago
gavinrundle97
Erstellt von gavinrundle97 vor mehr als 9 Jahre
41
0

Zusammenfassung der Ressource

Frage Antworten
Sraith 4 - Pictiúr 1 ⦁ Tá an chuma ar an scéal go bhfuil cúrsaí tríú léibhéal á bplé acu. ⦁ Dealraíonn sé go bhfuil spéis ag an gcailín seo i gcéim sa cheimic in Ollscoil na Gaillimhe. ⦁ Beidh uirthi an-chuid oibre a dhéanamh, ceithre chéad pointe a fháil, áit a fháil ar an gcúrsa. ⦁ Feictear cailín óg agus í a labhairt leis an nGairmthreoraí. Sraith 4 - Pictiúr 2 ⦁ Sa dara pictiúr feicimid an cailín agus í ag caint lena cara. ⦁ Fiafraíonn an cara di ar mhaith léi dul amach. Deir an cailín nach bhfuil sí in ann dul amach, a lán obair bhaile le déanamh aici. ⦁ Déarfainn go bhfuil díomá ar an gcailín ach tá sprioc le baint amach aici.
Sraith 4 - Pictiúr 3 ⦁ Sa tríú pictiúr feictear an cailín agus í ag caint lena cara ar an ngúthán. ⦁ Tugann a cara cuireadh di dul chuig scannán ag a hocht a chlog an oíche sin. ⦁ Deir an cailín go bhfuil brón uirthi ach go bhfuil aiste le déanamh aici. ⦁ Caithfidh go bhfuil sí an-dírithe Sraith 4 - Pictiúr 4 ⦁ Sa phictiúr seo feictear an cailín agus í ag staidéar ina seomra. ⦁ Tá a tuismitheoirí thíos staighre agus í á bplé acu. ⦁ Tá an t-athair buartha fuithi mar go gceapann sé go bhfuil an iomarca staidéir á dhéanamh aici. ⦁ Deir an mháthair gur cailín ciallmhar í, go dtógfaidh sí sos ag an deireadh seachtaine agus nach bhfuil ach cúpla mí fágtha roimh an Ardteist
Sraith 4 - Pictiúr 5 ⦁ Is léir ón gcúigiú pictiúr go bhfuil torthaí na hArdteiste faighte ⦁ Tá an chósúlacht ar an scéal go bhfuil ceithre chéad caoga pointe faighte aici. Tá a cairde agus a tuistí ag déanamh comhghairdis léi agus deir siad go bhfuil na torthaí go hiontach ⦁ Deir duine eile go bhfuil na torthaí iontacha tuillte go maith aici Sraith 4 - Pictiúr 6 ⦁ Sa phictiúr deireanach ar an tsraith seo feictear an cailín os comhair Ollscoil na Gaillimhe. ⦁ Dealraíonn sé go bhfuil sí thar a bheith sásta léi féin. ⦁ D’oibrigh sí go han-dian ach b’fhiú an iarracht ⦁ Déarfainn go bhfuil sceitimíní an domhain uirthi agus go bhfuil sí an-bhródúil aisti féin Mar a deir an seanfhocal ‘molann an obair an duine’
Ceisteanna an iarrthóra ⦁ An gceapann tú go bhfuil an cailín seo faoi bhrú mór? ⦁ An dóigh leat gur daoine tuisceanacha iad a tuismitheoirí? ⦁ An éireoidh léi san ollscoil meas tú? Ceisteanna an srúdaitheora ⦁ An gceapann tú go bhfuil an cailín seo ag obair go dian? ⦁ Cén chaoi ar mhothaigh sí nuair a bhí a cairde ag dul amach? ⦁ An gceapann tú go bhfuil a cairde crosta léi nuair nach dtéann sí amach leo?
Zusammenfassung anzeigen Zusammenfassung ausblenden

ähnlicher Inhalt

Die wichtigsten funktionelle Gruppen
Mirmo
Altenpflege Prüfungsfragen II
anna.grillborzer0656
Dramenanalyse
sysa
IKA-Theoriefragen Serie 02 (15 Fragen)
IKA ON ICT GmbH
IKA-Theoriefragen Serie 03 (15 Fragen)
IKA ON ICT GmbH
Der Erste Weltkrieg
Laura Overhoff
Euro-FH // Zusammenfassung PEPS3
Robert Paul
PAED
M T
Grundzüge Soziologischer Theorien
stelly Welly