Created by aidanB
about 9 years ago
|
||
Copied by gaeilgebenildus
about 9 years ago
|
||
Sraith a hAon – Laethanta Saoire
Pictiúr a haon
* Feictear triúr cailíní lasmuigh d’Aerfort Bhaile Átha Cliath.
*Tá siad ag dul go dtí Tenerife.
*tagann na cailíní chuig an Aerfort i dtacsaí agus tugann cailín amháin an íocaíocht don tiománaí tacsaí.
*Caithfidh go bhfuil na cailíní seo ar bís.
Sraith a hAon – Laethanta Saoire
Pictiúr a trí
* Feicimid na cailíní agus iad ina suí i gcaifé éigin sa chríochfort ag ól tae nó caifé b’fhéidir.
*Tá cailín amháin ag smaoineamh ar an áit a mbeidh siad ar saoire ann.
*Samhlaíonn sí trá agus farraige álainn .
*Tá imeachtaí na saoire á bplé acu.
*Déarfainn go bhfuil idir ghliondar agus sceitimíní orthu faoin tréimhse atá amach rompu.
Sraith a hAon – Laethanta Saoire
Pictiúr a cúig
*Is léir go bhfuil chuile dhuine ag baint sult Dé as an aimsir álainn ar an trá.
*Tá daoine áirithe ag snámh fad is atá daoine eile ag imirt eitpheile.
*Chomh maith leis sin tá beirt chailíní ag déanamh bolg le gréin.
*Caithfidh go bhfuil na cailíní an-sásta go deo leis an tsaoire atá roghnaithe acu.
Sraith a hAon – Laethanta Saoire
Ceisteanna an iarrthóra
1) Cé mhéad cailíní atá le feiceáil sa chéad phictiúr?
2) Cad is ainm don bhloc árasán in Tenerife a bhfuil siad ag fanacht ann?
3) Déan cur síos ar na héadaí a chaitheann na cailíní ag an dioscó?