Sraith Pictúir 10(AT 2015)

Description

Flashcards on Sraith Pictúir 10(AT 2015), created by colinp.reilly on 24/09/2014.
colinp.reilly
Flashcards by colinp.reilly, updated more than 1 year ago
colinp.reilly
Created by colinp.reilly over 9 years ago
259
0

Resource summary

Question Answer
Sraith a deich – Fadhbanna sóisialta ag cur isteach ar daoine óga Pictiúr a haon Feicimid buachaill agus cailín agus iad ag breathnú ar an teilifís. Tá siad ag féachaint ar chlár chúrsaí reatha. Tá siad in ísle brí mar go bhfuil an láithreoir ag caint faoi na fadhbanna sóisialta atá ag baint le daoine óga na saolta seo. Go leor troiblóidí agus deacrachtaí ag daoine óga an lae inniú. Sraith a deich – Fadhbanna sóisialta ag cur isteach ar daoine óga Pictiúr a dó Grúpa déagóirí agus iad ina suí le chéile i mbun comhrá. Tá an clár faoi fhadhbanna na ndaoine óga faoi chaibidil acu. Tá sé scanrúil agus dealraíonn sé go bhfuil idir imní agus díomá orthu. Feictear domsa go bhfuil cuma an-bhuartha go deo orthu.
Sraith a deich – Fadhbanna sóisialta ag cur isteach ar daoine óga Pictiúr a trí Léargas ar an mbrú atá ar dhaoine óga mar gheall ar scrúduithe cosúil leis an Ardteist. Feictear daltaí ag obair go dian dícheallach i scrúdú scoile. Feicimid beirt daltaí i mbun comhrá faoi chóras na bpointí agus faoin mbrú atá ag baint leis. Tá siad an-neirbhíseach faoin mbrú a chuireann scrúduithe agus córas na bpointí orthu. Sraith a deich – Fadhbanna sóisialta ag cur isteach ar daoine óga Pictiúr a ceathair Tá trí chuid den cheathrú pictiúr. Feictear fadhb an óil go soiléir mar go bhfeicimid déagóirí ag ól as cannaí beorach. Feicimid buachaill óg ag díol drugaí do bhuacahill óg eile. Tugann an Garda Síochána foláireamh do na daoine óga gan rudaí mar sin a dhéanamh. Chualamar go léir faoi na básanna tragóideacha a tharla le déanaí ag baint le mhíúsáid alcóil agus drugaí.
Sraith a deich – Fadhbanna sóisialta ag cur isteach ar daoine óga Pictiúr a cúig Cuirtear in iúl dúinn go bhfuil fadhbanna eile ag crá daoine óga na tíre seo. Feicimid daoine atá dífhostaithe agus iad i scuaine taobh amuigh den Oifig Leasa Shóisialaigh. Tá atmaisféar an-dorcha le braistint ón bpictúir seo. Feicimid daoine óga ag dul imirce toisc nach bhfuil dóthain post. Sraith a deich – Fadhbanna sóisialta ag cur isteach ar daoine óga Pictiúr a sé Tá na déagóirí ag caint arís agus deir duine amháin go bhfuil sí ag súil le feabhas. Tá an-chuid fadhbanna ag cur isteach ar dhaoine óga sa lá atá inniu ann. Faoi láthair tá brú, brú agus tuilleadh brú ar na déagóirí sa tír seo ach tá go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí sula i bhfad. ‘Ní féidir an dubh a chur ina gheal, ach seal’.
Ceisteanna an Iarrthóra: An gceapann tú go bhfuil na déagoirí buartha faoin gclár nuachta seo? An dóigh leat go bhfuil siad ag obair go dian dícheallach sa tríú pictiúr? Cén dóchas atá ar na daoine óga seo sa phictiúr deireanach? Ceisteanna an Scrúdaitheora: Cé mhéad duine atá ag féachaint ar an teilifís? Cén tuairim atá ag na daoine óga faoi chóras na bpointí? Cén chomhairle a chuireann an Garda Síochána ar na déagóirí i bpictiúr a ceathair?
Show full summary Hide full summary

Similar

Accounting Definitions
Tess Morris
P1 - The Earth in the Universe
franimal
The Heart
annalieharrison
Girls' and Boys' Education - A Mind Map
nikkifulps
BIOLOGY B1 4
x_clairey_x
Of Mice and Men
becky_e
mcolby MITOSIS TEST
Melinda Colby
The main reason knowledge is produced is to solve problems.
Darrel Hong
Data Types
Jacob Sedore
EXAM 1 - ENABLING FEATURES
kristinephil558
1PR101 2.test - Část 17.
Nikola Truong