Aiste 3 - Spórt agus na Cluichí Oilimpeacha

Description

Leaving Cert Gaeilge AT Ard Note on Aiste 3 - Spórt agus na Cluichí Oilimpeacha, created by gaeilgebenildus on 06/10/2014.
gaeilgebenildus
Note by gaeilgebenildus, updated more than 1 year ago
gaeilgebenildus
Created by gaeilgebenildus over 9 years ago
2033
14

Resource summary

Page 1

Spórt agus na Cluichí Oilimpeacha   Mar is eol dúinn, tháinig an ócáid spóirt is mó ar fud an domhain go dtí Londain i rith Samradh 2012. San aiste seo, tá sé mar rún agam plé a dhéanamh ar chúrsaí spóirt i sochaí comhaimseartha na hÉireann.  Chomh maith leis sin, ba mhaith liom buntaistí an saol sláintiúil a léiriú agus plé a dhéanamh ar cé chomh tábhacht is atá an spórt i sochaí an lae inniu. Ag deireadh na haiste seo, déanfaidh mé cur síos ar na hócáidí spóirt is mó a bhfuil spéis ag muintir na hÉireann iontu.   Ar fud an domhain inniu, is iomaí duine atá ag déanamh iarrachta máistreacht a fháil ar a gcuid aclaíochta féin. Tá béim mhór ar an tábhacht a bhaineann le bia sláintiúil agus le cleachtadh coirp rialta. Tá rogha gan srian ag muintir na saolta seo maidir lena rogha saghas aclaíochta.  Dáiríre is cuma cén spórt a chleachtann siad chomh fada is atá siad gníomhach.   Chomh maith leis na spóirt thraidisiúnta , thosaigh cúpla spórt nua le déanaí, leithéidí “tag rugbaí”,  “extreme frisbie” agus ranganna damsha ar a dtugtar “Zumba”.  Sa bhreis air seo, tá campaí aclaíochta nó “bootcamps” mar a thugann lucht an Bhéarla orthu, ar siúl i bpáirceanna áitiúila ar fud na háite.  Cur i gcás tá siad ar siúl i bPáirc Mharlaí, i bPáirc an Fhionnuisce agus ar Thrá Chnocán Doirinne ar ndóigh. Anuas air sin tá flúirse daoine amuigh ag rothaíocht, agus feictear daoine ag siúl agus ag rith chuile áit a dtéann tú.  Tugann an méid seo le fios go bhfuil réimse leathan roghanna ann dóibh siúd a bhfuil suim acu sa spórt, sa tsláinte nó san aclaíocht.  Tá an chuma ar an scéal go bhfuil spéis ag achan duine i gcúrsaí aclaíochta sa lá atá inniu ann, mé féin san áireamh ar ndóigh!   Ó thaobh spóirt de bhí an-Samhradh go deo againn in 2012!  In Éirinn, is iad ‘na spóirt thraidisiúnta’ is mó a bhfuil dúil ag daoine iontu, fágaim sacar, rugbaí agus na cluichí Gaelacha.  Tháinig deireadh leis an séasúr rugbaí leis an turas go dtí an Nua Shéalainn, bhí craobhchomórtas na hEorpa sa sacar nó ‘Euro 2012’ ar siúl agus bhí na cluichí craobhacha de chuid Cumann Lúthchleas Gael faoi lán seoil i ngach cúige in Éirinn an samhradh ar fad. I dtaca leis na comórtais seo ar fad bhíomar dóchasach go mbeadh cluichí iomaíocha den chéad scoth againn agus ní raibh díomá orainn mise i mbannaí .     Cén fáth go bhfuil an spórt chomh tábhachtach i sochaí an lae inniu? Is bealach iontach é an spórt chun sláinte fhisiceach agus mheabhrach a chinntiú. Foghlaimíonn daoine, go háirithe na leanaí, faoin disciplín agus faoi bhuntáistí na hoibre crua, agus faoi thábhacht na traenála agus na pleanála. Is scileanna iad seo a mbeidh de dhíth ar daoine de gach saghas agus iad ag tabhairt aghaidhe ar an saol mór.   I rith Samhradh 2012 i Londain, bhíomar go léir dóchasach go mbeadh gach rud atá dearfach sa chiall traidisúinta de le feiceáil ag na Cliuchí Oilimpeacha. Bhí deis ag gach lúthchleasaí ón dá chéad is a cúig thír a  ghlac páirt sna cluichí, spiorad agus íomhá dearfach a chruthú.  Déanann na lúthchleasaithe uilig na mílte uair an chloig de chleachtas agus úllmhúchán chun bheith i gceart don  choicís is mó ina gcuid saol.   Mar is eol do chách, bunaíodh na Cluichí Oilimpeacha nua-aimseartha in ómós don dúthracht, don chumas agus d’obair chrua na lúthchleasaithe is fearr ar fud an domhain.  Cuir i gcás na hiomaitheoirí as Éirinn, mar shampla David Gillick, Katie Taylor, Derval O’Rourke agus an fhoireann dornálaíocht trí chéile, bhí siad ag obair chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna agus chun na boinn a thabhairt abhaile leo.  Chomh maith leis sin, bhí siad in iomaíocht ar ár son!  Is é sin le rá gur sheas siad ar an stáitse is mó dá bhfuil ann, thar ceann a dteaghlach agus pobal na hÉireann i gcoitinne.  Nárbh iontach an luach saothair é sin dóibh as a gcuid dtiomántas agus thugamar ar fad gach tacaíocht dóibh.  ‘Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’ mar a deir an seanfhocal!   Cé go bhfuil drogall orm an cheist chigilteach seo a ardú braithim nach bhfuil aon dul as agam.  Bíonn imní orainn i gcónaí de bharr na drochscéalta uafasacha den mí-úsáid drugaí agus den mhímhacántacht atá i mbéal an phobail le blianta beaga anuas. Cuimhnigh mar shampla ar an náire a bhí ar na foirne Oilimpeacha ón USSR sna hochtóidí.  Ní dhéanfaimid dearmad go deo ar ghníomhartha cama Ben Johnson, Marion Jones, Dwain Chambers agus leithéid.  Ar an drochuair tá náire shaolta fós ar gach Éireannach mar gheall ar an bpraiseach ar fad maidir le Michelle Smith agus an t-uisce beatha sin, gan Cian O’Connor agus a chapall “Waterford Crystal” a lua.   Is rud iontach  é an spórt chun daoine a tarraingt le chéile.  Féach ar na cluichí móra i bPáirc an Chrócaigh nó ag Bóthar Lansdún.   Ag ócáidí mar seo déanaimid dearmad dár gcuid fadbhanna ar feadh tamaill agus seasaimid le chéile mar phobal amháin.   Déanann muintir na hÉireann uilig dearmad ar á gcuid fadhbanna ar fad agus iad ag breathnú ar Chorn an Domhain agus ar chraobhchomórtas na hEorpa sa sacar, ar na cluichí oilimpeacha agus a leithéid.   Glactar leis go forleathan go bhfuil an-chuid buntáistí ag baint leis an spórt.  An ghné is tábhachtaí den spórt ná an tsláinte a chothaíonn sé sna daoine a chleachtann é.  Anuas air sin bíonn éifeacht thar a bheith dearfach ag an spórt ar an bpobal trí chéile mar go scaiptear an dearfachas agus teachtaireacht na dea-shláinte ar bhealach an-nádúrtha tríd an spórt. Ní haon ionadh é mar sin go bhfuil daoine ag teacht le chéile ina sluaite in ainm an spóirt, na sláinte agus an mhuintearais.    Bíonn idir sceitiminí agus imní ar dhaoine ar fud an domhain roimh ócáidí móra spóirtiúla stairiúla. Deirtear go bhfuil craobhacha Chumann Lúthchleas Gael na craobhacha is oscáilte le blianta beag anuas.  Táimid dóchasach go mbeimid bródúil amach anseo as éachtanna “Airm Uí Néill” agus le cúnamh Dé, tiocfaidh na boinn Oilimpeacha trasna na dtonnta chugainn go rialta.  Tá muintir na hÉireann uilig ar chipíní agus muid ag tnúth go mór leis ‘an spórt’ ar fad, mar a deir an seanfhocal, ‘Ná cuir an sonas ar athlá!’ (1085).   Nóta gairid ar an ainmfhocal & an aidiacht le chéile   Ainmfhocail fhirisnscneacha   An cluiche (f4) mór                                        An fear (f1) mór Na cluichí móra                                              Na fir mhóra*   (*cuirtear ‘h’ ar an aidiacht i gcás lagiolra a dhéantar mar seo fir)   Ainmfhocail bhaininscneacha   An bhialann (b2) mhór   Na bialanna móra

New Page

Show full summary Hide full summary

Similar

Aimsir Fhaistineach (Future Tense) Broad and Slender, I and 2 syllables
Dan O' Donovan
Common Irish Words
silviaod119
Using GoConqr to teach science
Sarah Egan
Using GoConqr to teach English literature
Sarah Egan
Using GoConqr to teach Maths
Sarah Egan
Using GoConqr to study geography
Sarah Egan
Using GoConqr to study English literature
Sarah Egan
Using GoConqr to learn French
Sarah Egan
Using GoConqr to study Art
Sarah Egan
Statistics Key Words
Culan O'Meara
Ma Famille
caitlindavies8