Aiste 2 - Sláinte & Aos óg an lae inniu

Description

Leaving Cert Gaeilge AT Ard Note on Aiste 2 - Sláinte & Aos óg an lae inniu, created by gaeilgebenildus on 06/10/2014.
gaeilgebenildus
Note by gaeilgebenildus, updated more than 1 year ago
gaeilgebenildus
Created by gaeilgebenildus over 9 years ago
1355
5

Resource summary

Page 1

Sláinte & Aos óg an lae inniu Ní bhíonn saol simplí ag aos óg an lae inniu. Is dóigh liom go gcuirtear an iomarca brú ar dhaoine óga sa lá atá inniu ann. Ní féidir a shéanadh go bhfuil go leor fadhbanna acu.  Is fadhb an-mhór í an t-sláinte i measc dhéagóirí an lae inniu. Deir an seanfhocal “Is fearr an t-sláinte ná na táinte” agus aontaím go hiomlán leis sin.  Táim go láidir den tuairim go mbeadh saol níos fearr agus i bhfad níos simplí ag aos óg an lae inniu dá mbeadh níos mó spéise acu ina gcuid sláinte.  Mar sin de tá sé i gceist agam an aiste seo a bhunú ar cheist na sláinte i measc dhéagoirí na linne seo.   Tá go leor déagóirí an lae inniu an-fholláin.  Ach ar an lámh eile de tá go leor ann atá mí fholláin, chun an fhírinne a rá tá cúrsaí sláinte i measc an aosa óig ag dul in olcas in aghaidh an lae.  Tá siad thar mheáchan, ní chleachtaíonn siad spórt, caitheann siad toitíní, ólann siad alcól agus tógann an iomarca dóibh drugaí.  Ní dóigh liom go dtugann daoine óga i gcoitinne dóthain aire dá sláinte.    Tá mórchuid déagóirí ann atá leisciúil.  Cabhraíonn spórt, cleachtadh coirp agus bia folláin go mór le sláinte an duine ach níl spéis ag daoine óga i gcoitinne ina gcuid sláinte.  Chomh maith leis sin caitheann an iomarca daoine óga tobac ar na saolta seo.  Déanann caitheamh tobac dochar uafasach do shláinte an duine.  Faightear ailse scamhóige de dheasca chaitheamh tobac.  Tá an t-eolas seo ag an gcat sa bhaile, cén fáth go leanann daoine óga orthu ag caitheamh?  Níl dealramh ar bith leis sin, dar liomsa.   Níos measa ná sin, tosaíonn daoine óga ag ól alcóil agus iad an-óg, ag dhá bhliain déag d’aois fiú.  De ghnáth ólann siad an iomarca agus déanann siad rudaí amaideacha agus dáinsearacha agus iad ar meisce.  Níos measa fós is iomaí duine óg a thógann drugaí.  Cuireann sé sin idir ionadh agus uafás orm, tá a fhios ag an saol go dtéann do shláinte in olcas in aghaidh an lae má thógann tú drugaí.  Má thógann tú drugaí tá gach aon seans go bhfágfar i d’andúileach tú sula i bhfad.  Tá seans mór ann freisin go bhfaighidh tú S.E.I.F. má úsáideann tú snáithaidí salacha.  Ní thuigim an chaoi a bhfuil daoine óga sásta a gcuid saolta a chur i gcruachás.   Ar an drochuair, níl áireamh ar mhéid na ndaoine cáiliúla atá imithe ar shlí na fírinne mar gheall ar mhí-úsáid alcóil agus drugaí.  Ní dhéanann sé difríocht dá laghad áfach, ní féidir le daoine óga an ceacht seo a fhoghlaim.  Tá cur amach maith acu ar na dáinséir, ach tógann siad drugaí, caitheann siad tobac agus ólann siad alcól mar theastaíonn uathu bheith ‘úr’ nó ‘pras’.  Is oth liom a rá gur mar seo a bheidh an scéal go deo na ndeor.  Is cine lag muid, an Cine Daonna.   Caithfear an cheist a chur arís, cén fáth nach dtugann déagóirí dótháin aire dá sláinte? Mar a luaigh mé thuas ní féidir a shéanadh go gcuirtear neart brú orthu sa lá atá inniu ann ach ní ghlacaim go hiomlán leis sin mar leithscéal.  Ní réiteoidh toitíní, alcól nó drugaí fadbh ar bith riamh.  A mhalairt ar fad atá fíor gan aon agó!  Ní mór d’ aos óg an lae inniu seasamh suas agus bheith freagrach as a gcuid iompar. Tá sé i bhfad níos éasca maireachtáil agus staidéar a dhéanamh má tá tú i mbarr na sláinte. Téann do shaol i bhfeabhas in aghaidh an lae má tá do shláinte agat.  Caithfear na droch-nósanna a sheachaint agus cleachtadh coirp rialta a fháil.    Féach ar na hAstrálaigh mar shampla.  Tá níos mó spéise acu sa spórt ná mar atá ag dream ar bith eile i dtír ar bith eile sa Domhan.  De bharr seo tá siad thar a bheith rathúil sa spórt ach i bhfad níos tábhachtaí ná sin is daoine sláintiúla iad.  Chomh maith leis sin ní féidir a shéanadh gur daoine thar a bheith dathúil agus tarraingteach iad na hAstrálaigh, déarfainn féin go bhfuil baint an-mhór ag spórt agus sláinte leis seo!  Tá sé i bhfad níos fusa saol sona a chaitheamh má tá do shláinte agat.  Ní mór dúinn go léir deá-shampla na n-Astrálach a leanúint.   Ní foláir dúinn go léir féachaint ar ghéarchéim na sláinte láithreach mar is dóigh liom gur fhadbh í atá ag dul in olcas in aghaidh an lae.  Na déan dearmad go bhfuil an Domhan ag brath ar aos óg an lae inniu.  Caithfear aos óg an lae inniu a choimeád sláintiúil inniu, ionas go mbeidh an cine daonna ann le haghaidh amárach.  (741) © O.T. Mac Eoin.  

New Page

Show full summary Hide full summary

Similar

Business Studies Unit 2
tara.springate
Physics - Energy, Power & Work
dominique22
IMAGS Employment Examination for Applicants
mike_101290
Language Over Time
ekimlauretta
STUDY PLANNER IGCSE
Felixus
GCSE French - Parts of the Body
Abby B
PSBD TEST # 3
Suleman Shah
GCSE Maths Conversions
EmilieT
Frankenstein Key Quotes
michelle.lau
“In gaining knowledge, each area of knowledge uses a network of ways of knowing.” Discuss this statement with reference to two areas of knowledge
Julianapabab
Social Influence
olimcconnell