Nótaí Ranga

Description

Leaving Cert An Triail Note on Nótaí Ranga, created by gaeilgebenildus on 15/10/2014.
gaeilgebenildus
Note by gaeilgebenildus, updated more than 1 year ago
gaeilgebenildus
Created by gaeilgebenildus over 9 years ago
307
5

Resource summary

Page 1

An Triail Nótaí Ranga: 1)      Leiríodh an Triail den chéad uair sa bhliain 1964 mar chuid de Fhéile Amharclainne Bhaile Átha Cliath. 2)      Is dráma conspóideach é atá chomh tráthúil i saol an lae inniu is a bhí sé sna seascaidí. 3)      Baintear leas éifeachtach as teicníocht an iardhearcaidh sa dráma seo. 4)      Labhraíonn an tAturnae Stáit go díreach leis an lucht féachana agus sa chaoi feidhmíonn an lucht féachana mar ghiúiré i gcás Mháire. 5)      Tá an dualgas ar an lucht féachana breithiúnas a thabhairt ar an gcás tragóideach seo agus is teicníocht an-chliste é sin. 6)      Téann Pádraig Mac Cárthaigh go mór i gcion ar Mháire Ní Chathasaigh ón tús. 7)      Is cailín óg soineanta í Máire nach bhfuil mórán taithí aici ar chúrsaí an tsaoil. 8)      Is é Pádraig bithiúnach an dráma. 9)      Is duine muiníneach é Pádraig a bhfuil bua na cainte aige. 10)   An chaoi a chaitear le Máire sa dráma seo, níl sé ceart ná cóir. 11)   Tá Máire bhocht i bpríosún ag tús an dráma de dheasca an ghnímh a rinne sí. 12)   Is duine an-ghlic é Pádraig agus tá a fhios aige go rachaidh a chaint fhileata románsúil i bhfeidhm ar Mháire nach bhfuil inti ach cailín óg soineanta gan taithí ar bith aici ar an saol. 13)   Is plamásaí ceart é Pádraig. 14)   Déanann Pádraig trua dó féin ionas go mbeadh trua ag Máire dó. 15)   Tá an port céanna á sheinnt ag muintir Mháire ar fad.  Deir said uile nach bhfuil locht ar bith orthu maidir le cruachás Mháire. 16)   An rud is mó atá ina ábhar imní do Bhean Uí Chathasaigh ná go bhfuil sí ‘náirithe os comhair na gcomharsan’. 17)   Léiríonn Máire gur duine tuisceanach í nuair a nochtann sí a trua do bhean chéile Phádraig. 18)   Feictear dúinn go bhfuil codarsnacht mhór idir Mháire agus Phádraig mar is duine thar a bheith leithleasach é Pádraig, murab ionann agus Máire, atá an-chineálta agus macánta. 19)   Is duine an-dílis í Máire ní sceitheann sí ar Phádraig riamh in ainneoin nach léiríonn seisean an dílseacht chéanna di. 20)   Ní fhanann Pádraig dílis in aon chor do na geallúintí a thugann sé do Mháire. 21)   Ritheann Máire amach ón seomra nuair atá an mhuintir ag rá na bpaidreacha mar go bhfuil sí ag mothú ciontach faoina caidreamh le Pádraig agus í an-trína chéile agus an-suaite dá bharr. 22)   Na rudaí is mó atá ó Mháthair Mháire ná go rachadh Seán le sagartóireacht, go rachadh Máire isteach sna mná rialta agus go bhfanfadh Liam i mbun na feirme chun aire a thabhairt di sa tseanaois.  Duine an-leithleasach í gan amhras ar bith. 23)   Ó thaobh a dheirféar de léiríonn Seán gur duine mídhílis é nuair a sceitheann sé ar Mháire.  Insíonn sé dá mháthair go mbíonn sí ‘breoite’ go minic ar maidin. 24)   Tugtar léargas dúinn ar an leithleachas a bhí go forleathan i sochaí na hÉireann ag an am (na seascaidí) trí fhocail agus ghníomhartha leithleasacha na bpríomhcharachtar. 25)   Is é Seán ionadaí an Eaglais Chaitliceach sa dráma seo agus cuireann a dhearcadh féin béim ar an bhfimíneachas agus ar an easpa ‘charthanacht chríostaí’ a bhain leis an eaglais ag an am. 26)   Is í an náire an chloch is mó atá ar phaidrín Bhean Uí Chathasaigh.  Ba cheart go mbeadh grá, bá agus cion aici dá hiníon ach ní mar sin atá sí in aon chor.  Tá sí buartha faoi thuairimí na gcomharsan seachas faoi leas a hiníne atá ag fulaingt go mór. 27)   Is léir gur duine nimhneach cruálach í Bean Uí Chathasaigh mar go ndéanann sí iarracht ‘deireadh a chur le’ leanbh Mháire agus tugann sí ‘striapach’ ar Mháire bhocht. 28)   Bíonn trua ag an lucht féachana do Mháire mar tuigtear dúinn go bhfuil saol brónach uaigneach roimpi amach ón uair a dhiúltaíonn a muintir féin cabhair a thabhairt di in am a gátair. 29)   Is léir ó fhianaise Bhean Uí Chinsealaigh nach duine ionraic stuama í mar a bheifeá ag súil le bean dá leithéid.  Ní thugann sí cothrom na féinne do Mháire ó thaobh tuarastail de agus tugann sí an bóthar di a luaithe is a thugann sí faoi deara go bhfuil Máire ag iompar clainne. 30)   Déanann Bean Uí Chinsealaigh iarracht áit a fháil do Mháire i dteach tearmainn ach an ndéanann sí é sin chun a coinsias féin a mhaolú? 31)   Geall le máthair Mháire is é an chloch is mó atá ar phaidrín Bhean Uí Chinsealaigh ná an náire a tharraingeodh leanbh Mháire uirthi. 32)   Tugann sí an bóthar do Mháire chomh luath is a thugann sí faoi deara go bhfuil Máire ag iompar clainne. 33)   D’fhéadfá a rá gur duine glic agus leithleasach í Bean Uí Chinsealaigh.  Ní thugann sí an tuarastal a luann sí ar an bhfógra do Mháire.  Seachas ceithre phunt tugann sí dha phunt agus deich scilling di. 34)   Tá Bean Uí Chinsealaigh an-bhuartha go ‘dtarraingeodh Máire náire’ uirthi. 35)   Tugann an drámadóir sos coiméide don lucht féachana i radharc a deich de gníomh a haon.  Déantar é seo chun an teannas a bhriseadh agus chun sos a thabhairt don lucht féachana ón ábhár tromhchúiseach atá faoi chaibidil sa dráma seo. 36)   Sa teach tearmainn léirítear cé chomh neamhurchóideach is atá Máire nuair a thaispeánann sí nach dtuigeann sí céard atá i gceist  le ‘haltramaithe’. 37)   Is léir ón radharc sa teach tearmainn gur duine dílis, grámhar agus láidir í Máire.  Seasann sí an fód in aineoinn brú mór ón oibrí sóisialta (Áine Ní Bhreasail). 38)   Níl Máire toilteanach scaradh lena hiníon is cuma cén brú a chuirtear uirthi. 39)   Léiríonn na mná atá ina gcónaí sa chomharsanacht ina dtiteann an teach anuas cé chomh leithleasach, cúngaigeanta, doicheallach is a bhí sochaí na hÉireann ag an am.  Níl duine ar bith sásta ‘tabhairt isteach’ a thabhairt do Mháire ná dá leanbh. 40)   Caithfear glacadh leis go bhfuil fadhbanna creidteachta ann sa dráma seo.  Conas a d’fhéadfadh sé tarlúint go dtarlaíonn an méid sin tubaistí i saol Mháire.  Titeann sí i ngrá le fear pósta, éiríonn sí torrach dá bharr, tréigeann Pádraig, an fear pósta, í agus tugann a muintir an bóthar di in am a gátair, titeann teach anuas uirthi agus ar a leanbh. 41)   Is deacair a chreidiúint freisin go raibh Máilí agus Seáinín an Mhótair ar an láthair nuair a thit an teach anuas.  Comhtharlú ollmhór dochreidte é seo i mo thuairimse. 42)   Tá íoróin ann gurb í Mailí ‘an t-Aingeal dubh’ an duine is cneasta, is tuisceanaí agus is críostaí sa dráma seo agus í ina striapach. 43)   Leagann cineáltas Mhailí béim ar leithleachas agus ar fhimíneacht na gcarachtar eile sa dráma seo.  Trí ghníomhartha Mhailí tá sochaí na hÉireann á cáineadh ag Máiréad Ní Ghráda. 44)   Tugtar léargas an-soiléir dúinn sa radharc deireanach ar gnéithe diúltacha a bhain le sochaí na hÉireann sna seascaidí.  Léiríonn na carachtair ar fad, cé is móite de Mhailí, an dearcadh dian, leithleasach, fimíneach a bhí go forleathan i sochaí na hÉireann ag an am. 45)   Is léir ón tslí a caitheadh le Máire go raibh an mháthair singil thíos leis an dearcadh uafásach míchothrom seo.   © O.T. Mac Eoin

New Page

Show full summary Hide full summary

Similar

Aiste 3 - Spórt agus na Cluichí Oilimpeacha
gaeilgebenildus
KING LEAR
C.K.
Ról na bhFear sa Dráma
gaeilgebenildus
Línte Tábhachtacha ón Dráma
gaeilgebenildus
Cleachtaí ar Nathanna - Botúin Choitianta
gaeilgebenildus
Aimsir Fhaistineach (Future Tense) Broad and Slender, I and 2 syllables
Dan O' Donovan
An Timpeallacht (Foclóir)
Sarah Egan
Using GoConqr to teach English literature
Sarah Egan
Using GoConqr to study English literature
Sarah Egan
Common Irish Words
silviaod119