Línte Tábhachtacha ón Dráma

Description

Leaving Cert An Triail Note on Línte Tábhachtacha ón Dráma, created by gaeilgebenildus on 15/10/2014.
gaeilgebenildus
Note by gaeilgebenildus, updated more than 1 year ago
gaeilgebenildus
Created by gaeilgebenildus over 9 years ago
374
9

Resource summary

Page 1

An Triail Línte tábhachtacha ón téacs: 1)     Mharaigh mé mo leanbh de bhrí gur cailín í.  Fásann gach cailín suas ina bean.  Ach tá m’iníon saor. Tá sí saor.  Ní bheidh sí ina hóinsín bhog ghéiliúil ag aon fhear. Tá sí saor.  Tá sí saor.  Tá sí saor. (Máire) 2)     Tabhair aire mhaith di a Phádraig.  Tá sí ag dul sna mná rialta. (Colm) 3)     Ach ní ormsa is cóir aon phioc den mhilleán a chur. (Liam) 4)     Ní mise a coimeádaí. (Liam) 5)     Níor fhéad sí riamh bheith ina bean chéile cheart dom. (Pádraig) 6)     ….ach ní ormsa is cóir aon phioc den mhilleán a chur. (Bean Uí Chathasaigh) 7)     Mé náirithe os comhair na gcomharsan. (Bean Uí Chathasaigh) 8)     Ní mór dom mo shaol a chaitheamh ina measc. (Bean Uí Chathasaigh) 9)     Fiafraím díot ar thaispeáin ar thaispeáin tú grá máthar nó carthanach chríostaí do d’iníon nuair a bhí sí i dtrioblóid. (Aturnae 2) 10) Í féin a tharraing an trioblóid uirthi féin. (Bean Uí Chathasaigh) 11) Ní haon pheaca é deireadh a chur le rud neamhghlan – rud a bhí mallaithe ag Dia agus ag duine.  (Bean Uí Chathasaigh) 12) Is minic mé á chuimhneamh go bhfuil éagóir á dhéanamh againn uirthi. (Máire) 13) Agus an fear bocht! (Pádraig) 14) Is olc mar a d’imir an saol cluiche orm. (Pádraig) 15) Leis an bhfáinne seo déanaim tú a phósadh….  Is tú mo bhean feasta.  Is tú mo bhean chéile. (Pádraig) 16) Cén mhaith dom tóir a bheith agam ar Bheití de Búrca ná ar aon chailín eile agus mé faoi smacht mo mháthar mar atáim. (Liam) 17) Níl aon réasún le Mam. (Seán) 18) Níl a fios agam i do thaobhsa ach ní dóigh liom, ar chuma éigin, go rachaidh Máire sna mná rialta. (Liam) 19) Tá Mam ródhian uirthi. (Seán) 20) Tá mé ag dul….chun a iarraidh ar Dhia na glóire mé a neartú chun an t-ualach trom seo a leag sé orm a iompar. (Bean Uí Chathasaigh) 21) Tá an oíche loite agat orm. (Liam) 22) An ndearna tú aon iarracht ar ghrá Dé nó ar charthanacht chríostaí a thaispeáint do do dheirfiúr? (Aturnae 2) 23) Tharraing sí siúd náire orainn. Tharraing sí náire shaolta orainn i láthair na gcomharsan.  Loit sí an saol orainn.  Chiontaigh sí….chiontaigh sí in aghaidh Dé.  Ba chóir a bheith dian uirthi.  Bhí an ceart ag Mam.  Bhí an ceart ar fad aici. (Seán) 24) Tá tú ceanndána chomh maith le bheith mígheanmnaí.  (Bean Uí Chathasaigh) 25) Mallacht ar an té a tharraing an náire seo anuas orainn.  Agus mallacht Dé ortsa…..a striapach. (Bean Uí Chathasaigh) 26) An ród atá romham caithfidh mé aghaidh a thabhairt air i m’aonar. (Máire) 27) Nóinín i measc na neantóg. (Seáinín an Mhótair) 28) Is mise an t-aon tuismitheoir…….Ní chuirfidh mé m’ainm le haon cháipéis a bhéarfadh uaim mo leanbh. (Máire) 29) Cad a déarfadh na comharsanna?  Cad a déarfadh na cailíní ar scoil? Cad a déarfadh na mná rialta?  (Bean Uí Chinsealaigh) 30) Ba mhaith liom í a imeacht sula dtarraingeodh sí náire orainn.  (Bean Uí Chinsealaigh) 31) Is é gnó a bhíonn agamsa ná ag plé le cailíní bochta de do leithéidse. (An tOibrí Sóisialta) 32) B’fhearr liom mé féin a bhá san abhainn. (Máire) 33) Cailín beag atá uathu, rud is annamh. (An tOibrí Sóisialta) 34) Mura bhfuil mo leanbh maith a dóthain do Bhean Uí Chinsealaigh níl mise maith a dóthain di.  (Máire) 35) Is mise an t-aon tuismitheoir. (Máire) 36) Cé a deir gur tír chríostaí í seo? (Seáinín an Mhótair) 37) ..aingeal dubh mé, ó go bhfóire Dia orm! (Mailí) 38) Ná cuirtear an milleán ormsa. (Colm Ó Sé) 39) Ní scríobhfaidh mé chugat, a Phádraig, mar go bhfuil a fhios agam go dtiocfaidh tú chugam.  Tiocfaidh tú chugam aon lá feasta.  Tá tú saor anois.  Tiocfaidh tú lá éigin, uair éigin.  Tá a fhios agam go dtiocfaidh tú go luath.  (Máire) 40) Is beag is ionann sibh – a striapach.  (Pádraig) 41) Ach sibhse, a bhfuil na cúrsaí ar fad ar eolas agaibh, cé is dóigh libh is ceart a chiontú? (Aturnae 2) 42) Ná bítear ag féachaint orm.  Ní ormsa is cóir an milleán a chur.  Thóg mise í go creidiúnach agus go críostúil. (Bean Uí Chathasaigh) 43) Náirigh sí sinn.  Bhí orm éirí as an tsagartóireacht. (Seán) 44) Bhris Beití an cleamhnas…..Níor fhéad sí an phoiblíocht a sheasamh.  (Liam) 45) Chuir mise ag glanadh na leithreas í.  Ach caithfidh duine éigin iad a ghlanadh.  (Bainisteoir na monarchan) 46) Bhris sí na rialacha.  An té a bhriseann rialacha an chluiche cailltear ann é.  (Seáinín an Mhótair). 47) Cailín dílis a bhí inti.  Níor inis sí riamh ainm an fhir a bhréag í.  Thug sí an rún sin isteach san uaigh léi.  Pé hé féin ba chóir go mbeadh aithreachas air…. (Mailí).   © O.T. Mac Eoin.

New Page

Show full summary Hide full summary

Similar

Aiste 3 - Spórt agus na Cluichí Oilimpeacha
gaeilgebenildus
KING LEAR
C.K.
Ról na bhFear sa Dráma
gaeilgebenildus
Nótaí Ranga
gaeilgebenildus
Cleachtaí ar Nathanna - Botúin Choitianta
gaeilgebenildus
Aimsir Fhaistineach (Future Tense) Broad and Slender, I and 2 syllables
Dan O' Donovan
An Timpeallacht (Foclóir)
Sarah Egan
Using GoConqr to teach English literature
Sarah Egan
Using GoConqr to study English literature
Sarah Egan
Common Irish Words
silviaod119