An Gnáthrud

Description

Irish Note on An Gnáthrud, created by Caroline Allen on 08/09/2013.
Caroline Allen
Note by Caroline Allen, updated more than 1 year ago
Caroline Allen
Created by Caroline Allen over 10 years ago
934
1

Resource summary

Page 1

An Gnáthrud Tá a lán daoine sa bheár. Tá Jimmy ag machnamh ar a bhean agus ar a pháistí sa bhaile. Tá mac cadránta 4 bliana d'aois aige agus cúpla. Ní maith leis bheith sa bheár b'fhearr leis bheith sa bhaile. Tá daoine sa bheár an t-am ar fad agus ní thuigeann Jimmy é seo. Dar leis, ní foláir ach go mbíonn saol uafásach acu sa bhaile, gan aon amhras. Bíonn Jimmy ag obair ar láthair thógála. Tá a chara,  Billy sa bheár freisin agus bíonn sé ag obair leis ar an láthair thógála. Is seanathair é Billy agus tá garmhac nua aige. Bhí Billy ar meisce ar an láthair thógála agus shábháil Jimmy a jab dó nuair a gheall sé don saoiste go gcoimeádfadh sé súil ar obair Billy. Fear atá ábalta obair chrua dhéanamh is ea Jimmy. Cheannaigh sé teach ón Housing Executive ar 4,000 punt. Bhí an teach ina bhallóg nuair a cheannaigh sé é. Ach rinne sé féin agus a bhean Sarah teach álainn gleoite de. Ar a bhealach abhaile, téann Jimmy isteach sa Jasmine Palace. Fear fial atá i Jimmy mar tugann sé airgead do na déagóirí sa bhialann ‘Béile Amach’ agus tá sé go cineálta le Liz nuair a deir sé rud éigin místuama léi.  Téann Jimmy abhaile de chois agus tá sé ag machnamh ar Sarah agus ar na páistí. Ní fheiceann Jimmy an carr ciúin lena soilse múchta ag teacht taobh thiar de. Go tobann, scaoiltear urchar agus titeann Jimmy bocht ar an talamh marbh.

New Page

Show full summary Hide full summary

Similar

An Timpeallacht (Foclóir)
Sarah Egan
Common Irish Words
silviaod119
An-tAdh le Padraig o Conaire
l.watters97
Subh Milis le Seamus O Neill
l.watters97
Aiste 3 - Spórt agus na Cluichí Oilimpeacha
gaeilgebenildus
Tir na nOg - Treithe an bhealoidis
ehargadenward
Ról na bhFear sa Dráma
gaeilgebenildus
Línte Tábhachtacha ón Dráma
gaeilgebenildus
Nótaí Ranga
gaeilgebenildus
An Spailpin Fanach
sueellefitz
Mothúcháins
lovatic090