Karteikarten
Ná húsáid an cárta creidmheasa gan chead

Karten in diesem Stapel (6)
- 1—Pictiúr 1
Bhí an buachaill agus an cailín ar líne. Chonaic siad fógra. Bhí ceolchoirm ag teacht suas i Staid Aviva. Caoga euro a bhí ar na ticéid.
Ba mhaith leo dul go dtí an cheolchoirm. “Rachaimid!” a dúirt an buachaill. Bheartaigh siad na ticéid a cheannach le cárta Dhaid. Bhí cárta Dhaid ar an matal. Bhí an uimhir ar eolas ag an gcailín.
- 2—Pictiúr 2
Cheannaigh siad dhá thicéad. D’ioc siad céad euro. D’úsáid siad cárta Dhaid.
- 3—Pictiúr 3
Chuaigh siad go dtí an cheolchoirm. Bhí Staid Aviva pacáilte. Bhí an banna ag seinm. Bhí na déagóirí sásta. Bhí siad ag gáire.
- 4—Pictiúr 4
Tháinig an bille Visa. Léigh Daid an bille. Chonaic sé “Aviva - Ceolchoirm - céad euro”. Bhí iontas air. Ní raibh sé sásta.
- 5—Pictiúr 5
Bhí Mam agus Daid ar buile. Thaispeáin Daid an bille do na déagóirí. D’iarr sé míniú orthu. Bhí brón ar na déagóirí. Ní raibh cead acu an cárta a úsáid.
- 6—Pictiúr 6
Chuir Mam agus Daid pionós ar na déagóirí. Thug siad jabanna dóibh. Bhí orthu obair tí a dhéanamh. Ghlan an buachaill an fhuinneog. Ghlan an cailín a t-urlár. Bhí ceacht foghlamtha acu.
Informationen
- Beschreibung
- Sraith Pictiúr 6
- Erstellt von
- Holly Lawlor · Aug 2022
- Aktualisiert
- 4 Aug 2022
- Aufrufe
- 119
- Tags
- Bewertung