Sraith Pictiúr 1 (AT 2015)

Descripción

Fichas sobre Sraith Pictiúr 1 (AT 2015), creado por aidanB el 24/09/2014.
aidanB
Fichas por aidanB, actualizado hace más de 1 año
aidanB
Creado por aidanB hace más de 9 años
400
0

Resumen del Recurso

Pregunta Respuesta
Sraith a hAon – Laethanta Saoire Pictiúr a haon * feictear triúr cailíní lasmuigh d’Aerfort Bhaile Átha Cliath. *Tá siad ag dul go dtí Tenerife. *tagann na cailíní chuig an Aerfort i dtacsaí agus tugann cailín amháin an íocaíocht don tiománaí tacsaí. *Caithfidh go bhfuil na cailíní seo ar bís. Sraith a hAon – Laethanta Saoire Pictiúr a dó *Sa dara pictiúr tá na cailíní istigh sa chríochfort. *Dealraíonn sé go bhfuil roinnt mhaith daoine san aerfort an lá sin. *Is dócha gur duine gealgháireach, cairdiúil é an fear atá ag obair ag an deasc seiceála.
Sraith a hAon – Laethanta Saoire Pictiúr a trí * feicimid na cailíní agus iad ina suí i gcaifé éigin sa chríochfort ag ól tae nó caifé b’fhéidir. *Tá cailín amháin ag smaoineamh ar an áit a mbeidh siad ar saoire ann. *Samhlaíonn sí trá agus farraige álainn . *Tá imeachtaí na saoire á bplé acu. *Déarfainn go bhfuil idir ghliondar agus sceitimíní orthu faoin tréimhse atá amach rompu. Sraith a hAon – Laethanta Saoire Pictiúr a ceathair *cuirtear in iúl dúinn go bhfuil ceann scríbe na gcailíní bainte amach acu. *Tá siad ag fanacht ag an Residence Sol bloc árasán déarfainn. *Dealraíonn sé go bhfuil an aimsir go rí-álainn, agus tá linn snámha ann. *Ón gcuma atá ar na cailíní déarfainn go bhfuil siad i mbarr na gceirtlíní geala.
Sraith a hAon – Laethanta Saoire Pictiúr a cúig *Is léir go bhfuil chuile dhuine ag baint sult Dé as an aimsir álainn ar an trá. *Tá daoine áirithe ag snámh fad is atá daoine eile ag imirt eitpheile. *Chomh maith leis sin tá beirt chailíní ag déanamh bolg le gréin. *Caithfidh go bhfuil na cailíní an-sásta go deo leis an tsaoire atá roghnaithe acu. Sraith a hAon – Laethanta Saoire Pictiúr a sé *feicimid cuid de na himeachtaí a bhfuil baint ag na cailíní leo istoíche. *Tá siad ag ithe béile i mbialann ghalánta agus iad ag baint gach taitnimh as. *Is dócha go dtéann siad chuig dioscó éigin ina dhiaidh sin agus go mbíonn sárchraic acu ag damhsa ann. * tá laethanta saoire den chéad scoth á gcaitheamh ag na cailíní seo. *Mar a deir an seanfhocal ‘Bíodh saoire agat agus is fearrde thú í’.
Sraith a hAon – Laethanta Saoire Ceisteanna an iarrthóra 1)Cé mhéad cailíní atá le feiceáil sa chéad phictiúr? 2)Cad is ainm don bhloc árasán in Tenerife a bhfuil siad ag fanacht ann? 3)Déan cur síos ar na héadaí a chaitheann na cailíní ag an dioscó? Sraith a hAon – Laethanta Saoire Ceisteanna an scrúdaitheora 1)Céard iad na himeachtaí atá ar siúl ag na daoine ar an trá? 2)Meas tú an bhfuil na daltaí sásta leis an tsaoire seo? 3)Conas atá na daltaí ag mothú agus iad ag dul ar a laethanta saoire?
Mostrar resumen completo Ocultar resumen completo

Similar

SISTEMA REPRODUCTOR HUMANO
laboratoriocienc
BLOQUE II, HISTORIA DE ESPAÑA (1833-1873)
kafka.05
Vocabularia prueba de aptitud academica - PAA
karemy_rmr
MAPA MENTAL UNIDAD 1 DIBUJO DE INGENIERIA
Sergio Fernandez
TÁCTICA 1.1 HISTORIA Y TRADICIONES
antonio del valle
Matemáticas - TERCERO Primaria - Multiplicación
asx elearning
RESUMEN LEY 39
Eva Fernandez
ARQUITECTURA DE COMPUTADORA
jose santos
COSTAS E RÍOS
Nuria Prado Álvarez
Teoría ética de Aristóteles.
leiby johana briñez contreras
Relación del sistema nervioso y reproductivo
Anna Sánchez