Is í an fheidhm atá aige ná fimíneacht agus
easpa carthanachta na ndaoine a thaispeáint.
Nuair atá Aturnae 2 ag ceistiú Bn. Uí Chathasaigh tar éis ligint di labhairt
faoi Dhia, creidiúnacht agus na comharsana, cuireann sé an cheist uirthi:
‘Tuairim na gcomharsan is mó atá ag déanamh buartha
duit.. ar thaispeáin tú grá máthar nóó catharnacht
Chríostaí do d’iníon nuair a bhí sí i dtrioblóid’
Déanann sé an rud cheanna le Seán.
‘An ndearna tú aon iarracht ar ghrá Dé nó
catharnacht Chríostaí a thaispeáint do do dheirfiúr?’
Nochtaíonn sé bréagacht agus fimíneacht na mná uaisle.
Téann sé tríd na fianaise go léir - Bn Uí Chinnsealaigh.
Cheap Bn. Uí Chinnsealaigh go raibh sé ag casadh a cuid
cainte ach ní raibh sé ach ag léiriú fhimíneacht na mná.
Déanann sé an rud céanna leis an mbean lóistín.
Níor thaitin Máire leis na mná seo ar chor ar
bith tois go raibh sí singil le leanbh tabhartha.
D’éirigh leis an Aturnae é seo a thaispeáint go soiléir.
Aturnae 1 (Aturnae an Stáit)
Is í an fheidhm atá aige ná teacht go dtí lomchlár na fírinne.
Ba ghléas iad na hAturnaetha chun fimíneact
agus easpa Críostaíochta an phobail a léiriú.