Flashcards
Sraith Pictúir 6 (AT 2015)

Flashcards do conjunto (4)
- 1Sraith a Sé- An Ghaeilge-Seoid luachmhar agus cuid dár gcultúr Pictiúr a haon *Is léir go bhfuil sladmhargadh ar siúl sa siopa ceoil. *Dealraíonn sé go bhfuil ríméad an domhain ar an mbuachaill *Deir an cailín go bhfuil sí sona sasta an Ghaeilge a fheiceáil. *Is fíor go bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach dár n-oidhreacht.Sraith a Sé-
An Ghaeilge-Seoid luachmhar agus cuid dár gcultúr
Pictiúr a dó
*Tá beirt buachaillí ag scimeáil ar an idirlíon agus iad ag breathnú ar ‘Straoisleabhar’.
*Feicimid go bhfuil ‘Turas go dtí an Ghaeltacht’ scríofa ar scáileán an ríomhaire.
*Tá ar intinn acu cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht.
*Caithfidh mar sin
- 2Sraith a Sé- An Ghaeilge-Seoid luachmhar agus cuid dár gcultúr Pictiúr a trí *Tá trí chuid den tsraith seo. *Sa chéad chuid feicimid triúr, beirt bhuachaillí agus cailín amháin agus iad ag labhairt le chéile. *Sa dara cuid tá an céilí faoi lánseol agus feicimid buachaill agus cailín ag rince le chéile. *Sa tríú cuid is léir go bhfuil na buachaillí agus na cailíní ag imirt eitpheile ar an trá. *Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch. *Baineann na daoine óga seo an-taitneamh go deo as an tréimhse a chaitheann siad sa Ghaeltacht.Sraith a Sé-
An Ghaeilge-Seoid luachmhar agus cuid dár gcultúr
Pictiúr a ceathair
*Feicimid grúpa daltaí agus iad i mbun comhrá as Gaeilge.
*Déannan siad an-iarracht go deo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
*Tá an chuma ar an scéal go mbaineann siad sásamh an diabhail as an sos cainte sin agus cén fáth nach mbainfeadh, nach í an Ghaeilge an teanga is áille ar domhan.
- 3Sraith a Sé- An Ghaeilge-Seoid luachmhar agus cuid dár gcultúr Pictiúr a cúig *Tá an buachaill ag éisteacht leis an raidió ar a fhón póca. *Dealraíonn sé go bhfuil sé ag úsáid aip soghluaiste RTÉ chun éisteacht le Raidió na Gaeltachta. *Sa dara leath den tsraith seo, tá bheirt bhuachaillí ag breathnú ar TG4 *Deir duine de na buachaillí gur fiú go mór é bheith ag féachaint ar TG4.Sraith a Sé-
An Ghaeilge-Seoid luachmhar agus cuid dár gcultúr
Pictiúr a sé
*Feicimid go dtugtar aitheantas do na daltaí a bhí ag obair ar son na Gaeilge.
*Is léir go bhfuil sceitimíní an domhain orthu!
*Sílim go bhfuair siad an duais seo as na hiarrachtaí a rinne siad chun an Ghaeilge a neartú sa scoil agus sa cheantar.
*Déarfainn go bhfuil siad thar a bheith bródúil.
*Mar a deir na seanfhocail “Is fearr Gaeilge bhriste ná Bearla cliste” agus “Tír gan teanga tír gan anam”.
- 4Sraith a Sé- An Ghaeilge-Seoid luachmhar agus cuid dár gcultúr Ceisteanna an Iarrthóra: 1. Sa chéad phictiur tá fógra ar crochadh ar an doras, cad a deir an fógra seo? 2. Sa dara leath den tríú pictiúr, cén spórt atá á imirt ag na daoine ar an trá? 3. Cé mhéad duine atá le feicéail sa cheathrú phictiúr?Sraith a Sé-
An Ghaeilge-Seoid luachmhar agus cuid dár gcultúr
Ceisteanna an Scrúdaitheora:
1. Cén stáisiún teilifíse a luaitear sa chúigiú pictiúr?
2. Déan cur síos ar éide scoile na ndaltaí ón méid atá le feiceáil i bpictiúr a sé.
3. Sa chéad phictiúr céard iad na huirlisí ceoil atá le feiceáil i bhfuinneog an siopaceoil?
Informações
- Descrição
- FlashCards sobre Sraith Pictúir 6 (AT 2015), criado por adam.corcoran em 24-09-2014.
- Criado por
- adam.corcoran
- Visualizações
- 309
- Avaliação