Bhí sé ag séanadh aon
fhreagracht as saol a dheirfiúr.
Ach ní ormsa is cóir aon phioc den mhilleán a chur’
Dúirt sé nárbh é a coimeádaí.
Bhí sé faoi bhois an chait ag a mháthair.
Ní raibh sé láidir a dhóthain chun seasamh roimpi.
‘faoi smacht mo mháthar mar atáim’
Bhí sé géarchúiseach agus thuig sé a mháthair go maith.
Thuig sé go raibh sí uaillmhianach.
‘Ise ba mháthair do Sheán Ó Cathasaighm
safart paróiste agus don Mháthair
Columbán le Muire, misiunaí san Afraic.’
Is duine mídhílis é.
Nuair a fuair a mháthair amach
go raibh Máire ag iompar
clainne níor thacaigh sé léi.
Ghlac sé le húdarás a mháthar.
Ag deireadh an dráma, deir sé gur
bhris Beití an cleamhnas leis mar nár
fhéad sí an phoiblíocht a sheasamh.
B’fhéidir guir thuig sé
ansin cad é mar a bhí
sé a bheith tréigthe.
Seán
Dúirt a mháthair gurbh é an t-aon
duine amháin a raibh muinín aici as.
Tá sé lag. Aithníonn sé go bhfuil a mháthair
ródhian ar Mháire ach ní thugann sé a dúshlán.
‘Tá sí dian orainn go léir, ach is déine í ar mháire ná ar an mbeirt againne’.
Nuair a thosaíonn a
mháthair á cheistiú faoi
Mháire, sceitheann sé uirthi.
Insíonn sé di nach bhfuil sí ag glacadh le
Comaoineach Naofa ná ag dul chun na
faoistine agus go mbíonn sí tinn go minic.
Éiríonn le hAturnae 2
fimíneacht Sheáin a
thaispeáint go soiléir.
Faigheann sé amach go
bhfuil Seán ag smaoineamh
ar dhul le sagartóireacht.
‘An ndearna tú aon iarracht ar ghrá
Dé nó ar charthanacht Chríostaí a
thaispeáint do do dheirfiúr?’
Tá sé an chosúil lena mháthair.
D’aontaigh sé leis na rudaí a
rinne sí do Mháire mar dar leis,
chiontaigh í in aghaidh Dé.
Tharraing sí náire shaolta orainn i láthair
na gcomharsan. Loit sí an saol orainn.’
Is iorónta an rud é gurb é an duine is mó a
labraíonn faoi Dhia agus atá ag smaoineamh
ar a shaol a chaitheamh le Dia, gurb eisean
an duine is nimhní i gcoinne Mháire.