Apuntes
Ról na bhFear sa Dráma
Contenido del apunte (1)
Página 1
‘Mharaigh mé mo leanbh de bhrí gur chailín
í. Tá sí saor. Ní bheidh sí ina hóinsín bhog ghéilliúil ag aon fhear’.
Déan plé ar an bpáirt a ghlacann na fir sa
dráma seo agus ar an léiriú a dhéantar orthu.
Bheadh sé soiléir do dhuine ar bith gur daoine
leithleasacha iad formhór na bhfear sa dráma seo. Ag an am céanna áfach, ní
féidir a rá nach daoine leithleasacha iad formhór na mban sa dráma freisin. Feictear domsa go bhfuil an drámadóir, Mairéad Ní Ghráda, ag iarraidh cur in iúl dúinn go bhfuil leithleas agus fimíneacht ag baint le sochaí na hÉireann sna seascaidí. Bhí agustá fós, cáil ar mhuintir na hÉireann mar chine
cráifeach, caitliceach. Sa dráma seo tugtar deis don lucht féachana breathnú faoi bhun an dromchla agus is scéal iomlán difriúil é i ndáiríre. Feictear an
easpa críostaíochta agus an easpa tuisceana a bhí ann ag an am. Is í an cheist
is tábhachtaí do lucht féachana an lae inniu ná ‘an bhfuil feabhas tar éis
teacht ar shochaí na hÉireann nó an bhfuil an fhimíneacht agus an leithleachas céanna
fós ann?’
Má scrúdaítear na fir go speisalta feictear
nach deas an dream iad. Tóg mar shampla Liam Ó Cathasaigh, deartháir Mháire. Is
duine mímhacánta agus leithleasach é. Tá sé sa tóir ar Bheití De Búrca fiú go
ngeallann sé dá Mháthair nach bhfuil spéis ar bith aige inti ‘níl aon tóir agam ar Bheití De Búrca’.
Oíche an rince tá níos mó spéise aige ina mhianta féin a shásamh seachas aire a
thabhairt dá dheirfiúr. Ligeann sé di dul abhaile ina haonar mar go bhfuil sé
féin ‘gnóthach’. Tá sé báite i bhféintrua ag deireadh an dráma, ach níl aiféala
ar bith air nár chabhraigh sé le Máire. Cuireann sé an milleán ar Mháire gur
bhris Beití an cleamhnas leis, deir sé ‘níor
fhéad sí an phoiblíocht a sheasamh’. Díreach ar nós formhór na
gcarachtar eile sa dráma seo déanann sé tréaniarractht éalú ar fad ón milleán.
Deir sé ‘ní ormsa is cóir aon phioc den
mhilleán a chur ……ní mise a coimeádaí’.
Níl Seán Ó Cathasaigh, deartháir eile Mháire,
níos deise mar charachtar ach oiread. Is duine místuama agus míthuisceanach é
Seán. Tá sé an-dian ar Mháire agus déanann sé feall uirthi nuair a sceitheann
sé uirthi dá mháthair. Insíonn sé di ‘go
raibh sí breoite ar maidin’ agus nach nglacann sí ‘Comaoineach Naofa’. Ní thaispeáineann
Seán carthanacht ar bith i leith a deirféar agus é ina ábhar sagairt. Ní
smaoiníonn sé ar chúrsaí móráltachta mar tá sé ró-bhuartha faoi thuairimí a
chomhrádaithe sa choláiste. Tá sé chomh nimhneach, cruachríoch lena mháthair.
Deir sé gur pheacaigh Máire in aghaidh Dé nuair a d’éirigh sí torrach agus ‘ba chóir bheith dian uirthi’ mar
thoradh, dar leis. Feictear an fhimínteacht a bhain leis an Eaglais
Chaitliceach i gcarachtar Sheáin.
Is é Pádraig Mac Carthaigh bithiúnach an dráma
gan aon amhras. Déanann sé feall uafásach ar Mháire. Baineann sé úsáid as Máire
chun a dhúil ainsrianta féin a shásamh agus ansin caitheann sé ar leataobh í.
Duine glic is ea é. Tugann sé faoi deara gur chailín neamhúrchóideach í Máire
agus meallann sé í le briathra binne agus le caint ghlórmhar ‘féach solas na gealaí ….féach na duilleóga’
agus ‘is tusa mo bhean feasta – is tú mo
bhean chéile’. Ní insítear dúinn cad díreach a tharlaíonn ina
dhiaidh sin ach mar a deir an seanfhocal ‘is leor nod don eolach’. Gan amhras
tréigeann sé Máire in am a gáthair, tar éis dó ‘leas’ a bhaint aisti. Mar a
deir Máire féin ‘rinne tú do chuid féin
dom’. In ainneoin an méid seo ar fad áfach, fanann Máire i ngrá
leis, fanann sí dóchasach go dtiocfaidh sé chuici lá éigin. Nuair a bhuaileann
siad ar a chéile arís, trí sheans, i ‘dteach
an mhíchlú’, is léir do Mháire faoi dheireadh cén sórt duine atá
ann. Diúltaíonn sé féachaint ar a iníon, Pádraigín agus tugann sé ‘striapach’
ar Mháire. Insíonn sé di go bhfuil sé pósta agus insíonn a chara Colm don saol,
cé chomh fuarchúiseach agus leithleasach is atá sé. Deir sé gur ‘chuir sé bean is phós sé bean in aon bhlian amháin’.
Caithfidh beagnach na carachtair ar fad sa dráma seo cuid de mhilleán na
tragóide a ghlacadh ach níl aon amhras gurb é Pádraig Mac Carthaigh an
carachtar is ciontaí. Ag deireadh an dráma fágtar é ina aonar ar bhruach na
huaighe gan focal a rá aige. Cad is féidir leis a rá? Mar thoradh air cailleadh
beirt chailín soineanta gan chúis.
Má fhéachtar ar na fir eile sa dráma is léir
go bhfuil leithleachas agus fimínteacht ag baint leo freisin. Tóg mar shampla
Colm Ó Sé, déanann sé féin iarracht Máire a mhealladh nuair a bhuaileann sé léi
sa chathair. Ní éiríonn leis áfach. Nochtann sé a fhíor-nádúr i ‘dteach an mhíchlú’. Léiríonn sé an
dímheas a bhí aige féin, ag Pádraig agus ag fir i gcoitinne do mhná. Deir sé ‘deoch sláinte a ól do gach aon oinsín tuaithe ar
leor focal bog bladrach chun í a mhealladh’.
Bíonn Bainisteoir na monarchan deas do Mháire.
Bíonn trua aige do Mháire agus tugann sé post di. Nuair nach dtagann Máire ar
obair, déanann sé iarracht a fháil amach cad a tharla di. Ag an am céanna
áfach, ní thugann sé dóthain measa ná airgid di. Mar a deir sé féin, ‘sé scillinge san uair, níos mó ná an gnáthráta pá
dá leithéidí’ agus ‘chuir mise
ag glanadh na leithreas í. Ach caithfidh duine éigin iad a ghlanadh’.
Fiú amháin Seáinín an Mhótair, cé go mbíonn
seisean lách agus cineálta do Mháire níl sé go hiomlán gan locht. Tá trua aige
di cinnte nuair a deir sé ‘cé a duirt gur
tír chríostúil í seo, tír a thiomáineann Máire chun lámh a chur ina bás féin
agus a leanbh a dhúnmharú’. Leirítear suáilce Sheáinín agus
fimínteacht na haoise seo anseo. Ach ag an am céanna léiríonn Seáinín meon an
sochaí agus meon na bhfear ag an am nuair a deir sé sa radharc dheirneach ‘an té a bhriseann rialacha an cluiche cailltear ann
e’.
Gan amhras is leir ón dráma seo gur dhaoine
leithleasacha iad formhór na bhfear sa dráma seo. Chomh maith le seo, cuirtear
in iúl dúinn go raibh difríocht bhunúsach idir na fir agus na mná i sochaí na
hÉireann sna seascaidí, go bhfuil an chumhacht ar fad ag na fir.
An bhfuil an difríocht sin fós ann i sochaí na
hÉireann? An bhfuil an leithleachas agus an fhimínteacht fós forleathan ar fud
na hÉireann? (1054) O.T Mac Eoin.
New Page
Información
- Descripción
- Leaving Cert An Triail Apunte sobre Ról na bhFear sa Dráma, creado por gaeilgebenildus el 15/10/2014.
- Creado por
- gaeilgebenildus · oct 2014
- Actualizado
- 10 ago 2017
- Visitas
- 819
- Valoración