Aiste 1 - An Spórt

Description

Leaving Cert Gaeilge AT Ard Note on Aiste 1 - An Spórt, created by gaeilgebenildus on 06/10/2014.
gaeilgebenildus
Note by gaeilgebenildus, updated more than 1 year ago
gaeilgebenildus
Created by gaeilgebenildus over 9 years ago
2371
6

Resource summary

Page 1

An Spórt   “Is fearr an tsláinte ná na táinte” a deir an seanfhocal agus aontaím go hiomlán leis.  Caitheamh aimsire folláin is ea é an spórt.  Is dóigh liom nach bhfuil rud ar bith níos fearr don tsláinte ná an spórt. Tá sé i bhfad níos éasca maireachtáil agus staidéar a dhéanamh má chleachtaíonn tú spórt.  Ná déan dearmad go dteastaíonn aer úr ón inchinn agus ó na scámhóga.  Ní mór a admháil áfach, nach bhfuil an spórt gan locht agus go mbaineann go leor fadhbanna leis.  Deir na tuisti agus na múinteoirí linn i gcónaí nach bhfuil slí níos fearr chun trioblóid a sheachaint  ná spórt a imirt.  Ach níl imreoirí spóirt an lae inniu chomh soineanta is a cheapann na daoine fásta!  “Ní mar a shíltear a bhítear” mar a deir an seanfhocal. Ar an gcéad dul síos, baineann daoine idir thaitneamh agus tairbhe as spórt, tugann sé faoiseamh dóibh ón strus freisin.  Cuirtear an-bhrú go deo ar dhaoine sa lá atá inniu ann.  Ach níl rud ar bith níos fearr do shláinte an duine na cleachtadh coirp.  Tugann an spórt deis dúinn cuid de bhrú tsaoil a scaoileadh.  Ní hamháin sin ach forbraíonn sé pearsantacht an duine agus músclaíonn sé spiorad i ndaoine.  Múineann spórt dúinn conas feidhmiú mar bhaill fhoirne agus tá sé sin thar a bheith tábhachtach dar liomsa. Bainim féin taitneamh as gach sórt spóirt: cispheil, leadóg, eitpheil, lúthchleasaíocht agus snámh san áireamh, ach an spórt is fearr liom ná sacar.  Táim i mo bhall de fhoireann sacair na scoile, imrím i lár na páirce.  Bímid ag traenáil dhá uair in aghaidh na seachtaine agus bíonn cluiche againn ar an gCéadaoin.  Nílmid ró-mhaith ach táimid ag dul i bhfeabhas in aghaidh an lae, “cleachtadh a dhéanann máistreacht” mar a deir an seanfhocal.  Tá go leor cairde agam ar an bhfoireann agus bíonn an-chraic go deo againn, go háirithe nuair a théimid as baile chun cluiche a imirt.  De ghnáth bím clúdaithe le haoileach agus le hallas agus bím leath-mharbh ag deireadh an chluiche, ach is breá liom é.  Sin paradacsa an spóirt is dócha. I láthair na huaire níl mórán ama agam mar tá mé ag staidéar go dian dícheallach ach nuair atá am saor agam bainim taitneamh as féachaint ar spórt ar an teilifís.  Bíonn spórt le feiceáil ar an teilifís beagnach chuile lá den tseachtain.  Deir daoine áirithe go bhfeictear an iomarca spóirt ar an teilifís.  Deirtear freisin go bhfuil an iomarca cumhachta ag na stáisiún saitilíte agus go bhfuil a gcuid táillí ró-ard.  Ní mó ná sásta a bhí daoine sa tír seo nuair a dhíol an Cumann Lúthchleas Gael roinnt cluichí peile do Sky i Samhradh 2014.  Is é mo thuairim go n-íocann daoine dóthain airgid as an gceadúnas teilifíse agus nach bhfuil sé ceart ná cóir go mbíonn orainn táillí teilifíse breise a íoc.  Is dóigh liomsa go bhfuil sé mar cheart ag gach duine na cluichí sacair, na cluichí peile agus a leithéid a fheiceáil saor in aisce.  Ní aontódh mo dheirfúir liom ar chor ar bith, tá sí féin an-sásta nach bhfuil mo thuismitheoirí toillteanach ar an airgead a híoc le haghaidh “Sky”. In ainneoin an taitnimh a bhainim as spórt gairmiúil ní aontaím leis an méid airgid a thuilleann na himreoirí.  Ach ní hé luach na nduaiseanna ná na tuarastail ollmhóra amháin a dhéanann milliúnaithe dóibh.  Faigheann siad suimeanna móra airgid má chaitheann siad bróga, feisteas, nó mána comhlachta áirithe.  Faigheann siad an t-uafás airgid ar feadh deich mbliana nó mar sin ach ní obair bhuan í.  Déarfainn go bhfuil an-chathú orthu mórchuid airgid a chaitheamh agus go gcaithfidh siad bheith an- chúramach.  Dála an scéil, is é mo thuairim go bhfuil luach na n-imreoirí sacair thar fóir ar fad.  Tuairiscíodh le déanaí go mbeidh praghas níos airde ná céad go leith milliún euro ar Christiano Ronaldo má theastaíonn ó aon fhoireann eile é a cheannach ó Réal Madrid.  Níl aon dealramh leis sin mar scéal i mo thuraimse, ní fiú duine ar bith beo an t-airgead sin agus níl Ronaldo ach naoi mbliana is fiche agus is gligín ceart é. Tugann cuid de na laochra spóirt drochshampla don aos óg.  Bhain Mike Tyson píosa de chluais Evander Holyfield le linn troda cúpla bliain ó shin agus leag Paulo Di Canio an réiteoir nuair a bronnadh cárta dearg air.  Is é mo thuairim go mba chóir do na daoine atá i mbéal an phobail dea-shampla a thabhairt don óige. Déantar spóirt áirithe a cháineadh de bhrí go bhfuil siad contúirteach.  Ina measc tá dornálaíocht, iomrascáil, agus rásaíocht cairr agus gluaisrothair.  Déantar dochar uafásach d’inchinn dornálaithe i rith troideanna agus gortaítear daoine go minic i gcluichí rugbaí.  Is cuimhin linn go léir bás tragóideach Ayrton Senna cúpla bliain ó shin. Sa deireadh thiar ní féidir a shéanadh go bhfuil gá leis na lochtanna agus na fadhbanna sa spórt a réiteach.  Ach in ainneoin na lochtanna seo baineann a lán daoine mé féin ina measc, taitneamh agus tairbhe as an spórt.  Mar a luaigh mé cheana féin, níl caitheamh aimsire níos fearr d’intinn ná do chorp an duine.   (803)     © O.T. Mac Eoin.

New Page

Show full summary Hide full summary

Similar

Sources of Law
cearak
Religious Studies- Marriage and the family
Emma Samieh-Tucker
GCSE Science - B1 - You and Your Genes - Genes, Chromosomes and DNA
GeorgeHaines
AQA GCSE Physics Unit 3 Mindmap
Gabi Germain
2.1.4 Data Representation
Lavington ICT
Maths: Geometry
noajaho1
1PR101 2.test - Část 2.
Nikola Truong
1PR101 2.test - Část 17.
Nikola Truong
Legislative Branch
Mr. Vakhovsky
Účto Fífa 5/6
Bára Drahošová
Data Protection Act 1998
Carina Storm