Notes
Aiste 2 - Sláinte & Aos óg an lae inniu
Content of the notes (1)
Page 1
Sláinte & Aos óg an lae inniu
Ní
bhíonn saol simplí ag aos óg an lae inniu. Is dóigh liom go gcuirtear an
iomarca brú ar dhaoine óga sa lá atá inniu ann. Ní féidir a shéanadh go bhfuil
go leor fadhbanna acu. Is fadhb an-mhór
í an t-sláinte i measc dhéagóirí an lae inniu. Deir an seanfhocal “Is fearr an
t-sláinte ná na táinte” agus aontaím go hiomlán leis sin. Táim go láidir den tuairim go mbeadh saol
níos fearr agus i bhfad níos simplí ag aos óg an lae inniu dá mbeadh níos mó
spéise acu ina gcuid sláinte. Mar sin de
tá sé i gceist agam an aiste seo a bhunú ar cheist na sláinte i measc dhéagoirí
na linne seo.
Tá go leor
déagóirí an lae inniu an-fholláin. Ach
ar an lámh eile de tá go leor ann atá mí fholláin, chun an fhírinne a rá tá
cúrsaí sláinte i measc an aosa óig ag dul in olcas in aghaidh an lae. Tá siad thar mheáchan, ní chleachtaíonn siad
spórt, caitheann siad toitíní, ólann siad alcól agus tógann an iomarca dóibh
drugaí. Ní dóigh liom go dtugann daoine
óga i gcoitinne dóthain aire dá sláinte.
Tá mórchuid
déagóirí ann atá leisciúil. Cabhraíonn
spórt, cleachtadh coirp agus bia folláin go mór le sláinte an duine ach níl
spéis ag daoine óga i gcoitinne ina gcuid sláinte. Chomh maith leis sin caitheann an iomarca
daoine óga tobac ar na saolta seo. Déanann caitheamh tobac dochar uafasach do
shláinte an duine. Faightear ailse
scamhóige de dheasca chaitheamh tobac. Tá
an t-eolas seo ag an gcat sa bhaile, cén fáth go leanann daoine óga orthu ag
caitheamh? Níl dealramh ar bith leis
sin, dar liomsa.
Níos measa ná
sin, tosaíonn daoine óga ag ól alcóil agus iad an-óg, ag dhá bhliain déag
d’aois fiú. De ghnáth ólann siad an
iomarca agus déanann siad rudaí amaideacha agus dáinsearacha agus iad ar
meisce. Níos measa fós is iomaí
duine óg a thógann drugaí. Cuireann sé
sin idir ionadh agus uafás orm, tá a fhios ag an saol go dtéann do shláinte in
olcas in aghaidh an lae má thógann tú drugaí.
Má thógann tú drugaí tá gach aon seans go bhfágfar i d’andúileach tú sula i bhfad. Tá seans mór ann freisin go
bhfaighidh tú S.E.I.F. má úsáideann tú snáithaidí salacha. Ní thuigim an chaoi a bhfuil daoine óga sásta
a gcuid saolta a chur i gcruachás.
Ar an
drochuair, níl áireamh ar mhéid na ndaoine cáiliúla atá imithe ar shlí na
fírinne mar gheall ar mhí-úsáid alcóil agus drugaí. Ní dhéanann sé difríocht dá laghad áfach, ní
féidir le daoine óga an ceacht seo a fhoghlaim.
Tá cur amach maith acu ar na dáinséir, ach tógann siad drugaí, caitheann
siad tobac agus ólann siad alcól mar theastaíonn uathu bheith ‘úr’ nó
‘pras’. Is oth liom a rá gur mar seo a
bheidh an scéal go deo na ndeor. Is cine
lag muid, an Cine Daonna.
Caithfear an
cheist a chur arís, cén fáth nach dtugann déagóirí dótháin aire dá sláinte? Mar
a luaigh mé thuas ní féidir a shéanadh go gcuirtear neart brú orthu sa lá atá
inniu ann ach ní ghlacaim go hiomlán leis sin mar leithscéal. Ní réiteoidh toitíní, alcól nó drugaí fadbh
ar bith riamh. A mhalairt ar fad atá
fíor gan aon agó! Ní mór d’ aos óg an
lae inniu seasamh suas agus bheith freagrach as a gcuid iompar. Tá sé i bhfad
níos éasca maireachtáil agus staidéar a dhéanamh má tá tú i mbarr na sláinte.
Téann do shaol i bhfeabhas in aghaidh an lae má tá do shláinte agat. Caithfear na droch-nósanna a sheachaint agus
cleachtadh coirp rialta a fháil.
Féach ar na
hAstrálaigh mar shampla. Tá níos mó
spéise acu sa spórt ná mar atá ag dream ar bith eile i dtír ar bith eile sa
Domhan. De bharr seo tá siad thar a
bheith rathúil sa spórt ach i bhfad níos tábhachtaí ná sin is daoine sláintiúla
iad. Chomh maith leis sin ní féidir a
shéanadh gur daoine thar a bheith dathúil agus tarraingteach iad na
hAstrálaigh, déarfainn féin go bhfuil baint an-mhór ag spórt agus sláinte leis seo! Tá sé i bhfad níos fusa saol sona a chaitheamh má tá do shláinte agat. Ní
mór dúinn go léir deá-shampla na n-Astrálach a leanúint.
Ní foláir
dúinn go léir féachaint ar ghéarchéim na sláinte láithreach mar is dóigh liom
gur fhadbh í atá ag dul in olcas in aghaidh an lae. Na déan dearmad go bhfuil an Domhan ag brath
ar aos óg an lae inniu. Caithfear aos óg
an lae inniu a choimeád sláintiúil inniu, ionas go mbeidh an cine daonna ann le
haghaidh amárach. (741)
© O.T. Mac Eoin.
New Page
Information
- Description
- Leaving Cert Gaeilge AT Ard Note on Aiste 2 - Sláinte & Aos óg an lae inniu, created by gaeilgebenildus on 06/10/2014.
- Created by
- gaeilgebenildus
- Views
- 1,395
- Rating