Flashcards
Sraith a seacht: Mo Cheol thú! Mo Cheol sibh!

Cards in this deck (4)
- 1Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh. Pictiúr a haon . Feicimid fógra atá ar crocadh ar an mballa. • Cuireann an fórga in iúl go bhfuil Coláiste Phádraig chun Grúpa Ceoil Traidisiúnta a chur ar bun. • Cleachtadh ag am lóin agus tar éis am scoile chuile Luan agus Céadaoin. • Deis iontach é seo do na daltaí a bhfuil spéis acu sa cheol traidisiúnta.Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh.
Pictiúr a dó
• Feicimid an grúpa agus iad i mbun cleachtaidh.
• Ceathrar atá sa ghrúpa, beirt bhuachaillí agus beirt chailíní.
• Tá beirt ann a sheineann an fhidil, duine eile a sheineann an fhéadóg stáin agus tá duine eile ar an bhflúit.
• Tá múinteoir ann freisin agus an grúpa á stiúradh aige.
• Tá siad an-díograiseach faoin gceol mar a cúig a chlog tráthnóna an t-am atá ann

- 2Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh. Pictiúr a trí • Feicimid cailín ón ngrúpa agus í ag cleachtadh ina haonar. • Cuireann sí fúithi port nua a fhoghlaim don lá ina dhiaidh sin. • Tá an chuma uirthi go bhfuil a seacht ndícheall á ndéanamh aici. • Is duine thar a bheith díograiseach agus dícheallach í.Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh.
Pictiúr a ceathair
• Tugtar le fios dúinn go bhfuil an grúpa tar éis páirt a ghlacadh i gcúpla fleá ceoil.
• Bhí iomaíocht ghéar sna comórtais ag na fleánna sin.
• Ar dtús bíonn an bua ag an ngrúpa ó Choláiste Phádraig i bhFleá an Chontae.
• Ina dhiaidh sin bíonn an bua acu i bhFleá an Chúige.

- 3Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh. Pictiúr a cúig • Téann ceoltóirí Choláiste Phádraig ar aghaidh go Fleá Cheoil na hÉireann mar thoradh ar an mbua a bhí acu i bhFleá an Chúige • Tá Fleá Cheoil na hÉireann ar siúl i Leitir Ceannain agus tá an baile lán go poll an phaidrín. • Tá lucht leanúna féin ag Grúpa Ceoil Choláiste Phádraig. • Tá sceitimíní ar chuile dhuine agus atmaisféar leictreach ag an gceolchoirm.Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh.
Pictiúr a sé
• Buann Grúpa Ceoil Choláiste Phádraig Fleá Cheoil na hÉireann.
• Eagraítear ceiliúradh speisialta in onóir éacht stairiúil an ghrúpa.
• Moltar an obair dhian a rinne siad agus an comhoibriú ar fad.
• Tá chuile dhuine i bpobal na scoile an-bródúil go deo astu.
• Mar a deir an seanfhocal ‘cleachtadh a dhéanann máistreacht’.

- 4Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh. Ceisteanna an Iarrthóra: 1) Cé mhéad duine atá sa ghrúpa? 2) Cén t-am atá ar an gclog i bpictiúr a dó? 3) Déan cur síos ar na moltóirí atá le feiceáil i bpictiúr a ceathair?Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh.
Ceisteanna an Scrúdaitheora:
1) Sa chéad phictiúr cá bhfuil an fógra le feiceáil ?
2) Cén saghas daoine iad na ceoltóirí seo meas tú?
3) Conas a mhothaíonn pobal na scoile faoin ngrúpa seo?
Information
- Description
- Flashcards on Sraith a seacht: Mo Cheol thú! Mo Cheol sibh!, created by johnmx97 on 24/09/2014.
- Created by
- johnmx97
- Views
- 487
- Rating