Notes
An Triail - Nótaí Ranga
Content of the notes (1)
Page 1
An Triail
Nótaí Ranga:
1)
Leiríodh an Triail den chéad uair sa bhliain
1964 mar chuid de Fhéile Amharclainne Bhaile Átha Cliath.
2)
Is dráma conspóideach é atá chomh tráthúil i
saol an lae inniu is a bhí sé sna seascaidí.
3)
Baintear leas éifeachtach as teicníocht an
iardhearcaidh sa dráma seo.
4)
Labhraíonn an tAturnae Stáit go díreach leis an
lucht féachana agus sa chaoi feidhmíonn an lucht féachana mar ghiúiré i gcás
Mháire.
5)
Tá an dualgas ar an lucht féachana breithiúnas a
thabhairt ar an gcás tragóideach seo agus is teicníocht an-chliste é sin.
6)
Téann Pádraig Mac Cárthaigh go mór i gcion ar
Mháire Ní Chathasaigh ón tús.
7)
Is cailín óg soineanta í Máire nach bhfuil mórán
taithí aici ar chúrsaí an tsaoil.
8)
Is é Pádraig bithiúnach an dráma.
9)
Is duine muiníneach é Pádraig a bhfuil bua na
cainte aige.
10)
An chaoi a chaitear le Máire sa dráma seo, níl
sé ceart ná cóir.
11)
Tá Máire bhocht i bpríosún ag tús an dráma de
dheasca an ghnímh a rinne sí.
12)
Is duine an-ghlic é Pádraig agus tá a fhios aige
go rachaidh a chaint fhileata románsúil i bhfeidhm ar Mháire nach bhfuil inti
ach cailín óg soineanta gan taithí ar bith aici ar an saol.
13)
Is plamásaí ceart é Pádraig.
14)
Déanann Pádraig trua dó féin ionas go mbeadh
trua ag Máire dó.
15)
Tá an port céanna á sheinnt ag muintir Mháire ar
fad. Deir said uile nach bhfuil locht ar
bith orthu maidir le cruachás Mháire.
16)
An rud is mó atá ina ábhar imní do Bhean Uí
Chathasaigh ná go bhfuil sí ‘náirithe os comhair na gcomharsan’.
17)
Léiríonn Máire gur duine tuisceanach í nuair a
nochtann sí a trua do bhean chéile Phádraig.
18)
Feictear dúinn go bhfuil codarsnacht mhór idir
Mháire agus Phádraig mar is duine thar a bheith leithleasach é Pádraig, murab
ionann agus Máire, atá an-chineálta agus macánta.
19)
Is duine an-dílis í Máire ní sceitheann sí ar
Phádraig riamh in ainneoin nach léiríonn seisean an dílseacht chéanna di.
20)
Ní fhanann Pádraig dílis in aon chor do na
geallúintí a thugann sé do Mháire.
21)
Ritheann Máire amach ón seomra nuair atá an
mhuintir ag rá na bpaidreacha mar go bhfuil sí ag mothú ciontach faoina
caidreamh le Pádraig agus í an-trína chéile agus an-suaite dá bharr.
22)
Na rudaí is mó atá ó Mháthair Mháire ná go
rachadh Seán le sagartóireacht, go rachadh Máire isteach sna mná rialta agus go
bhfanfadh Liam i mbun na feirme chun aire a thabhairt di sa tseanaois. Duine an-leithleasach í gan amhras ar bith.
23)
Ó thaobh a dheirféar de léiríonn Seán gur duine
mídhílis é nuair a sceitheann sé ar Mháire.
Insíonn sé dá mháthair go mbíonn sí ‘breoite’ go minic ar maidin.
24)
Tugtar léargas dúinn ar an leithleachas a bhí go
forleathan i sochaí na hÉireann ag an am (na seascaidí) trí fhocail agus
ghníomhartha leithleasacha na bpríomhcharachtar.
25)
Is é Seán ionadaí an Eaglais Chaitliceach sa
dráma seo agus cuireann a dhearcadh féin béim ar an bhfimíneachas agus ar an
easpa ‘charthanacht chríostaí’ a bhain leis an eaglais ag an am.
26)
Is í an náire an chloch is mó atá ar phaidrín
Bhean Uí Chathasaigh. Ba cheart go
mbeadh grá, bá agus cion aici dá hiníon ach ní mar sin atá sí in aon chor. Tá sí buartha faoi thuairimí na gcomharsan
seachas faoi leas a hiníne atá ag fulaingt go mór.
27)
Is léir gur duine nimhneach cruálach í Bean Uí
Chathasaigh mar go ndéanann sí iarracht ‘deireadh a chur le’ leanbh Mháire agus
tugann sí ‘striapach’ ar Mháire bhocht.
28)
Bíonn trua ag an lucht féachana do Mháire mar tuigtear
dúinn go bhfuil saol brónach uaigneach roimpi amach ón uair a dhiúltaíonn a
muintir féin cabhair a thabhairt di in am a gátair.
29)
Is léir ó fhianaise Bhean Uí Chinsealaigh nach
duine ionraic stuama í mar a bheifeá ag súil le bean dá leithéid. Ní thugann sí cothrom na féinne do Mháire ó
thaobh tuarastail de agus tugann sí an bóthar di a luaithe is a thugann sí faoi
deara go bhfuil Máire ag iompar clainne.
30)
Déanann Bean Uí Chinsealaigh iarracht áit a
fháil do Mháire i dteach tearmainn ach an ndéanann sí é sin chun a coinsias
féin a mhaolú?
31)
Geall le máthair Mháire is é an chloch is mó atá
ar phaidrín Bhean Uí Chinsealaigh ná an náire a tharraingeodh leanbh Mháire
uirthi.
32)
Tugann sí an bóthar do Mháire chomh luath is a
thugann sí faoi deara go bhfuil Máire ag iompar clainne.
33)
D’fhéadfá a rá gur duine glic agus leithleasach
í Bean Uí Chinsealaigh. Ní thugann sí an
tuarastal a luann sí ar an bhfógra do Mháire.
Seachas ceithre phunt tugann sí dha phunt agus deich scilling di.
34)
Tá Bean Uí Chinsealaigh an-bhuartha go
‘dtarraingeodh Máire náire’ uirthi.
35)
Tugann an drámadóir sos coiméide don lucht
féachana i radharc a deich de gníomh a haon.
Déantar é seo chun an teannas a bhriseadh agus chun sos a thabhairt don
lucht féachana ón ábhár tromhchúiseach atá faoi chaibidil sa dráma seo.
36)
Sa teach tearmainn léirítear cé chomh
neamhurchóideach is atá Máire nuair a thaispeánann sí nach dtuigeann sí céard
atá i gceist le ‘haltramaithe’.
37)
Is léir ón radharc sa teach tearmainn gur duine
dílis, grámhar agus láidir í Máire. Seasann
sí an fód in aineoinn brú mór ón oibrí sóisialta (Áine Ní Bhreasail).
38)
Níl Máire toilteanach scaradh lena hiníon is
cuma cén brú a chuirtear uirthi.
39)
Léiríonn na mná atá ina gcónaí sa chomharsanacht
ina dtiteann an teach anuas cé chomh leithleasach, cúngaigeanta, doicheallach
is a bhí sochaí na hÉireann ag an am.
Níl duine ar bith sásta ‘tabhairt isteach’ a thabhairt do Mháire ná dá
leanbh.
40)
Caithfear glacadh leis go bhfuil fadhbanna
creidteachta ann sa dráma seo. Conas a
d’fhéadfadh sé tarlúint go dtarlaíonn an méid sin tubaistí i saol Mháire. Titeann sí i ngrá le fear pósta, éiríonn sí
torrach dá bharr, tréigeann Pádraig, an fear pósta, í agus tugann a muintir an
bóthar di in am a gátair, titeann teach anuas uirthi agus ar a leanbh.
41)
Is deacair a chreidiúint freisin go raibh Máilí
agus Seáinín an Mhótair ar an láthair nuair a thit an teach anuas. Comhtharlú ollmhór dochreidte é seo i mo
thuairimse.
42)
Tá íoróin ann gurb í Mailí ‘an t-Aingeal dubh’
an duine is cneasta, is tuisceanaí agus is críostaí sa dráma seo agus í ina
striapach.
43)
Leagann cineáltas Mhailí béim ar leithleachas
agus ar fhimíneacht na gcarachtar eile sa dráma seo. Trí ghníomhartha Mhailí tá sochaí na hÉireann
á cáineadh ag Máiréad Ní Ghráda.
44)
Tugtar léargas an-soiléir dúinn sa radharc deireanach
ar gnéithe diúltacha a bhain le sochaí na hÉireann sna seascaidí. Léiríonn na carachtair ar fad, cé is móite de
Mhailí, an dearcadh dian, leithleasach, fimíneach a bhí go forleathan i sochaí
na hÉireann ag an am.
45)
Is léir ón tslí a caitheadh le Máire go raibh an
mháthair singil thíos leis an dearcadh uafásach míchothrom seo.
© O.T. Mac Eoin
New Page
Information
- Description
- Leaving Cert Gaeilge AT Ard Note on An Triail - Nótaí Ranga, created by gaeilgebenildus on 15/10/2014.
- Created by
- gaeilgebenildus · Oct 2014
- Updated
- Jan 15, 2017
- Views
- 1,006
- Rating