Created by gaeilgebenildus
over 9 years ago
|
||
Cluastuiscint – Scrúdú na hArdteiste Ardleibhéal 2014 Cuid AFógra 1 Ceist Freagra (10 marc) Cad atá á lorg ag Ollscoil Luimnigh? Rúnaí i Roinn na Gaeilge. (2) Luaigh dhá cháilíocht atá riachtanach don phost seo? Ardscileanna ríomhaireachta. Taithí cúig bliana ar obair oifige. Gaeilge líofa. (2)+(2) Cad iad na huaireanta oibre sa phost? 09:00 - 17:30. (2) Luaigh slí amháin le heolas a fháil faoin bpost seo? Dul ar an suíomh idirlín www.ul.ie nó glao a chur ar an uimhir 061 92917. (2) Fógra 2 Ceist Freagra Cad a thosóidh ar TG4 Dé Luain seo chugainn? Sceideal Spóirt an tSamhraidh. (2) Cad a bheidh ar siúl sa Bhrasaíl? Corn an Domhain sa sacar. (2) Luaigh rud amháin a bheidh ar an gclár? Tuairiscí, torthaí, anailís ar chluichí móra an lae. (2) Cén dáta a thosóidh comórtas leadóige Wimbledon? (Dé Luain) 23 Meitheamh. 23/06/14 (2) Cuid B Comhrá a haon Ceist Freagra Cén fáth a bhfuil Áine tuirseach? Tá sí ag staidéar go dian dícheallach don Ardteist. (2) Luaigh dhá rud a deir Pól faoina chuid laethanta san ollscoil i mbliana? Níl siad pioc chomh strusmhar le laethanta na hArdteiste. Bíonn laethanta crua aige.(2) + (2) Luaigh rud amháin a deir Áine faoi na ceisteanna a chuir an scrúdaitheoir? Bhí a cuid ceisteanna réasúnta/cothrom. (2) Cén t-ábhar cainte ba spéisiúla a bhí ag Áine leis an scrúdaitheoir? An nuatheicneolaíocht. (2) Cad a deir Áine faoi FB agus faoi na líonraí sóisialta? Caitheann daoine óga an iomarca ama orthu. (2) Cá bhfuil Pól ag dul anois? An Leabharlann. (2) Comhrá a dó Ceist Freagra Cén gradam a bhuaigh Seán sa scoil aréir? Gradam Scoláire na Bliana. (2) Cén club a d’eagraigh Comhairle na Mac Léinn sa scoil le bliain anuas? An Club Sláinte agus Aclaíochta. (2) Scríobh síos pointe amháin a luann Orla faoi dhéagóirí na laethanta seo? Éiríonn an-chuid déagóirí as an spórt. Ní chaitheann siad go leor ama amuigh faoin aer (2) Luaigh dhá imeacht a chuirtí ar siúl ag am lóin Dé Máirt agus Déardaoin? Ranganna rince. Cluichí cispheile. Comórtais lúthchleasaíochta. (2) + (2) Scríobh síos rud amháin nach mbíodh cead ag na scoláirí a thabhairt isteach sa cheantaín Dé Céadaoin? Bia míshláintiúil. Deochanna súilíneacha (2) Luaigh ábhar amháin atá sa nuachtlitir a tugadh do gach scoláire roimh shaoire an tSamhraidh? Liosta de na clubanna spóirt ar fad sa cheantar. Comhairle faoi chúrsaí bia (2) Cuid C Píosa a haon Ceist Freagra Cén stáisiún raidió a bhí ag ceiliúradh fiche bliain ar an aer? Raidió na Life. (2) Cén dream daoine ar a bhfuil an staisiún raidió seo dírithe? Pobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath & ar fud Chúige Laighean. (2) Luaigh pointe amháin eolais faoi na hoibrithe a bhíonn ag obair leis an stáisiún raidió seo? Is oibrithe páirt-aimseartha deonacha iad. Braitheann an stáisiun cuid mhaith orthu. (2) Píosa a dó Ceist Freagra Cé mhéad mac léinn atá imithe go dtí na hOileáin Fhilipíneacha? 30. Tríocha (2) Luaigh pointe amháin eolais faoin damáiste a rinne an tíofún in 2013? Fágadh go leor daoine gan dídean. Scriosadh an-chuid tithe. Tíofún ollmhór a bhí ann. (2) Ainmnigh dhá imeacht a d’eagraigh na mic léinn chun airgead a bhailiú? Maidin chaifé. Tráth na gceist. Seó faisin. Seó tallainne. (2)
New Page
Want to create your own Notes for free with GoConqr? Learn more.