Notes
Aiste 3 - Spórt agus na Cluichí Oilimpeacha
Content of the notes (1)
Page 1
Spórt agus na
Cluichí Oilimpeacha
Mar is eol dúinn, tháinig an ócáid spóirt is mó ar fud an
domhain go dtí Londain i rith Samradh 2012. San aiste seo, tá sé mar
rún agam plé a dhéanamh ar chúrsaí spóirt i sochaí comhaimseartha na
hÉireann. Chomh maith leis sin, ba
mhaith liom buntaistí an saol sláintiúil a léiriú agus plé a dhéanamh ar cé
chomh tábhacht is atá an spórt i sochaí an lae inniu. Ag deireadh na haiste
seo, déanfaidh mé cur síos ar na hócáidí spóirt is mó a bhfuil spéis ag muintir na
hÉireann iontu.
Ar fud an domhain inniu, is iomaí duine atá ag déanamh
iarrachta máistreacht a fháil ar a gcuid aclaíochta féin. Tá béim mhór ar an
tábhacht a bhaineann le bia sláintiúil agus le cleachtadh coirp rialta. Tá
rogha gan srian ag muintir na saolta seo maidir lena rogha saghas
aclaíochta. Dáiríre is cuma cén spórt a
chleachtann siad chomh fada is atá siad gníomhach.
Chomh maith leis na spóirt thraidisiúnta , thosaigh
cúpla spórt nua le déanaí, leithéidí “tag rugbaí”, “extreme frisbie” agus ranganna damsha ar a
dtugtar “Zumba”. Sa bhreis air seo, tá
campaí aclaíochta nó “bootcamps” mar a thugann lucht an Bhéarla orthu, ar siúl
i bpáirceanna áitiúila ar fud na háite.
Cur i gcás tá siad ar siúl i bPáirc Mharlaí, i bPáirc an Fhionnuisce
agus ar Thrá Chnocán Doirinne ar ndóigh. Anuas air sin tá flúirse daoine amuigh
ag rothaíocht, agus feictear daoine ag siúl agus ag rith chuile áit a dtéann
tú. Tugann an méid seo le fios go bhfuil
réimse leathan roghanna ann dóibh siúd a bhfuil suim acu sa spórt, sa tsláinte
nó san aclaíocht. Tá an chuma ar an
scéal go bhfuil spéis ag achan duine i gcúrsaí aclaíochta sa lá atá inniu ann,
mé féin san áireamh ar ndóigh!
Ó thaobh spóirt de bhí an-Samhradh go deo againn in 2012! In Éirinn, is iad ‘na spóirt
thraidisiúnta’ is mó a bhfuil dúil ag daoine iontu, fágaim sacar, rugbaí agus
na cluichí Gaelacha. Tháinig deireadh leis an séasúr rugbaí leis an turas go dtí an
Nua Shéalainn, bhí craobhchomórtas na hEorpa sa sacar nó ‘Euro 2012’ ar siúl agus bhí na cluichí craobhacha de chuid Cumann Lúthchleas Gael faoi lán
seoil i ngach cúige in Éirinn an samhradh ar fad. I dtaca leis na comórtais seo ar fad
bhíomar dóchasach go mbeadh cluichí iomaíocha den chéad scoth againn agus ní raibh díomá orainn mise i mbannaí .
Cén fáth go bhfuil an spórt chomh tábhachtach i sochaí
an lae inniu? Is bealach iontach é an spórt chun sláinte fhisiceach agus
mheabhrach a chinntiú. Foghlaimíonn daoine, go háirithe na leanaí, faoin
disciplín agus faoi bhuntáistí na hoibre crua, agus faoi thábhacht na traenála agus na
pleanála. Is scileanna iad seo a mbeidh de dhíth ar daoine de gach saghas agus
iad ag tabhairt aghaidhe ar an saol mór.
I rith Samhradh 2012 i Londain, bhíomar go léir dóchasach go mbeadh gach rud atá dearfach sa chiall traidisúinta de le
feiceáil ag na Cliuchí Oilimpeacha. Bhí deis ag gach lúthchleasaí ón dá chéad is
a cúig thír a ghlac páirt sna cluichí, spiorad agus íomhá dearfach a
chruthú. Déanann na lúthchleasaithe
uilig na mílte uair an chloig de chleachtas agus úllmhúchán chun
bheith i gceart don choicís is mó ina
gcuid saol.
Mar is eol do
chách, bunaíodh na Cluichí Oilimpeacha nua-aimseartha in ómós don dúthracht,
don chumas agus d’obair chrua na lúthchleasaithe
is fearr ar fud an domhain. Cuir i gcás
na hiomaitheoirí as Éirinn, mar shampla David Gillick, Katie Taylor, Derval
O’Rourke agus an fhoireann dornálaíocht trí chéile, bhí siad ag obair chun
feabhas a chur ar a gcuid scileanna agus chun na boinn a thabhairt
abhaile leo. Chomh maith
leis sin, bhí siad in iomaíocht ar ár son! Is é sin le rá gur sheas siad ar an stáitse is mó dá bhfuil ann,
thar ceann a dteaghlach agus pobal na hÉireann i gcoitinne. Nárbh iontach an luach saothair é sin dóibh as a gcuid
dtiomántas agus thugamar ar fad gach tacaíocht dóibh. ‘Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’ mar
a deir an seanfhocal!
Cé go bhfuil
drogall orm an cheist chigilteach seo a ardú braithim nach bhfuil aon dul as
agam. Bíonn imní orainn i gcónaí de
bharr na drochscéalta uafasacha den mí-úsáid drugaí agus den mhímhacántacht atá
i mbéal an phobail le blianta beaga anuas. Cuimhnigh mar shampla ar an náire a
bhí ar na foirne Oilimpeacha ón USSR
sna hochtóidí. Ní dhéanfaimid dearmad go
deo ar ghníomhartha cama Ben Johnson, Marion Jones, Dwain Chambers agus
leithéid. Ar an drochuair tá náire shaolta fós
ar gach Éireannach mar gheall ar an bpraiseach ar fad maidir le Michelle Smith
agus an t-uisce beatha sin, gan Cian O’Connor agus a chapall “Waterford Crystal”
a lua.
Is rud iontach é an spórt chun daoine a tarraingt le
chéile. Féach ar na cluichí móra i
bPáirc an Chrócaigh nó ag Bóthar Lansdún.
Ag ócáidí mar seo déanaimid dearmad dár gcuid fadbhanna ar feadh tamaill
agus seasaimid le chéile mar phobal amháin.
Déanann muintir na hÉireann uilig dearmad ar á gcuid fadhbanna ar fad agus iad ag breathnú ar Chorn an Domhain agus ar chraobhchomórtas
na hEorpa sa sacar, ar na cluichí oilimpeacha agus a leithéid.
Glactar leis go forleathan go bhfuil an-chuid
buntáistí ag baint leis an spórt. An
ghné is tábhachtaí den spórt ná an tsláinte a chothaíonn sé sna daoine a
chleachtann é. Anuas air sin bíonn
éifeacht thar a bheith dearfach ag an spórt ar an bpobal trí chéile mar go
scaiptear an dearfachas agus teachtaireacht na dea-shláinte ar bhealach
an-nádúrtha tríd an spórt. Ní haon ionadh é mar sin go bhfuil daoine ag teacht
le chéile ina sluaite in ainm an spóirt, na sláinte agus an mhuintearais.
Bíonn idir sceitiminí agus imní ar dhaoine ar fud an domhain roimh ócáidí móra spóirtiúla stairiúla. Deirtear go bhfuil craobhacha Chumann
Lúthchleas Gael na craobhacha is oscáilte le blianta beag anuas. Táimid dóchasach go mbeimid bródúil amach anseo as
éachtanna “Airm Uí Néill” agus le cúnamh Dé, tiocfaidh na boinn Oilimpeacha trasna na dtonnta chugainn go rialta. Tá muintir na hÉireann uilig ar
chipíní agus muid ag tnúth go mór leis ‘an spórt’ ar fad, mar a deir an
seanfhocal, ‘Ná cuir an sonas ar athlá!’ (1085).
Nóta gairid ar an ainmfhocal & an aidiacht
le chéile
Ainmfhocail fhirisnscneacha
An cluiche (f4) mór An fear
(f1) mór
Na cluichí móra Na
fir mhóra*
(*cuirtear ‘h’ ar an
aidiacht i gcás lagiolra a dhéantar mar seo fir)
Ainmfhocail bhaininscneacha
An bhialann (b2) mhór
Na bialanna móra
New Page
Information
- Description
- Leaving Cert Gaeilge AT Ard Note on Aiste 3 - Spórt agus na Cluichí Oilimpeacha, created by gaeilgebenildus on 06/10/2014.
- Created by
- gaeilgebenildus
- Views
- 2,196
- Rating