Notes
Línte Tábhachtacha ón Dráma
Content of the notes (1)
Page 1
An Triail
Línte tábhachtacha ón téacs:
1)
Mharaigh mé
mo leanbh de bhrí gur cailín í. Fásann
gach cailín suas ina bean. Ach tá
m’iníon saor. Tá sí saor. Ní bheidh sí
ina hóinsín bhog ghéiliúil ag aon fhear. Tá sí saor. Tá sí saor.
Tá sí saor. (Máire)
2)
Tabhair aire
mhaith di a Phádraig. Tá sí ag dul sna
mná rialta. (Colm)
3)
Ach ní ormsa
is cóir aon phioc den mhilleán a chur. (Liam)
4)
Ní mise a
coimeádaí. (Liam)
5)
Níor fhéad
sí riamh bheith ina bean chéile cheart dom. (Pádraig)
6)
….ach ní
ormsa is cóir aon phioc den mhilleán a chur. (Bean Uí Chathasaigh)
7)
Mé náirithe
os comhair na gcomharsan. (Bean Uí Chathasaigh)
8)
Ní mór dom
mo shaol a chaitheamh ina measc. (Bean Uí Chathasaigh)
9)
Fiafraím
díot ar thaispeáin ar thaispeáin tú grá máthar nó carthanach chríostaí do d’iníon
nuair a bhí sí i dtrioblóid. (Aturnae 2)
10) Í féin a tharraing an trioblóid uirthi féin.
(Bean Uí Chathasaigh)
11) Ní haon pheaca é deireadh a chur le rud
neamhghlan – rud a bhí mallaithe ag Dia agus ag duine. (Bean Uí Chathasaigh)
12) Is minic mé á chuimhneamh go bhfuil éagóir á
dhéanamh againn uirthi. (Máire)
13) Agus an fear bocht! (Pádraig)
14) Is olc mar a d’imir an saol cluiche orm.
(Pádraig)
15) Leis an bhfáinne seo déanaim tú a
phósadh…. Is tú mo bhean feasta. Is tú mo bhean chéile. (Pádraig)
16) Cén mhaith dom tóir a bheith agam ar Bheití
de Búrca ná ar aon chailín eile agus mé faoi smacht mo mháthar mar atáim.
(Liam)
17) Níl aon réasún le Mam. (Seán)
18) Níl a fios agam i do thaobhsa ach ní dóigh
liom, ar chuma éigin, go rachaidh Máire sna mná rialta. (Liam)
19) Tá Mam ródhian uirthi. (Seán)
20) Tá mé ag dul….chun a iarraidh ar Dhia na
glóire mé a neartú chun an t-ualach trom seo a leag sé orm a iompar. (Bean Uí
Chathasaigh)
21) Tá an oíche loite agat orm. (Liam)
22) An ndearna tú aon iarracht ar ghrá Dé nó ar
charthanacht chríostaí a thaispeáint do do dheirfiúr? (Aturnae 2)
23) Tharraing sí siúd náire orainn. Tharraing sí
náire shaolta orainn i láthair na gcomharsan.
Loit sí an saol orainn.
Chiontaigh sí….chiontaigh sí in aghaidh Dé. Ba chóir a bheith dian uirthi. Bhí an ceart ag Mam. Bhí an ceart ar fad aici. (Seán)
24) Tá tú ceanndána chomh maith le bheith
mígheanmnaí. (Bean Uí Chathasaigh)
25) Mallacht ar an té a tharraing an náire seo
anuas orainn. Agus mallacht Dé ortsa…..a
striapach. (Bean Uí Chathasaigh)
26) An ród atá romham caithfidh mé aghaidh a
thabhairt air i m’aonar. (Máire)
27) Nóinín i measc na neantóg. (Seáinín an
Mhótair)
28) Is mise an t-aon tuismitheoir…….Ní chuirfidh
mé m’ainm le haon cháipéis a bhéarfadh uaim mo leanbh. (Máire)
29) Cad a déarfadh na comharsanna? Cad a déarfadh na cailíní ar scoil? Cad a
déarfadh na mná rialta? (Bean Uí
Chinsealaigh)
30) Ba mhaith liom í a imeacht sula dtarraingeodh
sí náire orainn. (Bean Uí Chinsealaigh)
31) Is é gnó a bhíonn agamsa ná ag plé le cailíní
bochta de do leithéidse. (An tOibrí Sóisialta)
32) B’fhearr liom mé féin a bhá san abhainn.
(Máire)
33) Cailín beag atá uathu, rud is annamh. (An
tOibrí Sóisialta)
34) Mura bhfuil mo leanbh maith a dóthain do
Bhean Uí Chinsealaigh níl mise maith a dóthain di. (Máire)
35) Is mise an t-aon tuismitheoir. (Máire)
36) Cé a deir gur tír chríostaí í seo? (Seáinín
an Mhótair)
37) ..aingeal dubh mé, ó go bhfóire Dia orm!
(Mailí)
38) Ná cuirtear an milleán ormsa. (Colm Ó Sé)
39) Ní scríobhfaidh mé chugat, a Phádraig, mar go
bhfuil a fhios agam go dtiocfaidh tú chugam.
Tiocfaidh tú chugam aon lá feasta.
Tá tú saor anois. Tiocfaidh tú lá
éigin, uair éigin. Tá a fhios agam go
dtiocfaidh tú go luath. (Máire)
40) Is beag is ionann sibh – a striapach. (Pádraig)
41) Ach sibhse, a bhfuil na cúrsaí ar fad ar
eolas agaibh, cé is dóigh libh is ceart a chiontú? (Aturnae 2)
42) Ná bítear ag féachaint orm. Ní ormsa is cóir an milleán a chur. Thóg mise í go creidiúnach agus go críostúil.
(Bean Uí Chathasaigh)
43) Náirigh sí sinn. Bhí orm éirí as an tsagartóireacht. (Seán)
44) Bhris Beití an cleamhnas…..Níor fhéad sí an
phoiblíocht a sheasamh. (Liam)
45) Chuir mise ag glanadh na leithreas í. Ach caithfidh duine éigin iad a
ghlanadh. (Bainisteoir na monarchan)
46) Bhris sí na rialacha. An té a bhriseann rialacha an chluiche
cailltear ann é. (Seáinín an Mhótair).
47) Cailín dílis a bhí inti. Níor inis sí riamh ainm an fhir a bhréag
í. Thug sí an rún sin isteach san uaigh
léi. Pé hé féin ba chóir go mbeadh
aithreachas air…. (Mailí).
© O.T. Mac
Eoin.
New Page
Information
- Description
- Leaving Cert An Triail Note on Línte Tábhachtacha ón Dráma, created by gaeilgebenildus on 15/10/2014.
- Created by
- gaeilgebenildus
- Views
- 475
- Rating